Méid an Téacs

Maoiniú de €750,000 do Chúntóirí Teanga

Meán Fómhair 19, 2012

D’fhógair Aire Stáit na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. an tseachtain seo caite breis agus €750,000 mar mhaoiniú do chúntóirí teanga sa Ghaeltacht.

Is mar chuid den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh a cuireadh an maoiniú seo ar fáil do Mhuintearas i gConamara agus d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gCiarraí chun Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil sa Ghaeltacht sa scoilbhliain 2012/13.

Agus é ag fógairt an deontais dúirt an tAire Stáit “Is cinnte go n-eascróidh tairbhe as an deontas méadaithe atá curtha ar fáil do pháistí na Gaeltachta agus dá dtuismitheoirí atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge ina dteaghlaigh”.

Ranganna beo Gaeilge ar líne

Cuirfidh Gaelchultúr tús le ranganna Gaeilge an mhí seo, ach ní sa seomra ranga a bheidh an teagascóir ach ar scáileán agus na ranganna ar fáil ar fud an domhain.
Dar le Gaelchultúr go bhfuil méadú mór ag teacht ar líon na ndaoine atá ag foghlaim na teanga, le breis agus 4,000 duine ag déanamh staidéir uirthi sa tríú leibhéal i gCeanada agus i Meiriceá.

Cuirfear tús leis na ranganna ar líne ar 24 Meán Fómhair 2012, agus tá gach eolas ar fáil ag www.gaelchultur.com.

 Dátaí áisiúla do mhúinteoirí

Ar an gCéadaoin 17 Deireadh Fómhair agus ar an Déardaoin 18 Deireadh Fómhair beidh seimineáir Buntáiste Breise na Gaeilge, á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i nDúrlas Éile agus i mBaile Loch Garman agus i lár mhí na Samhna beidh seimineár i Nás na Ríogh.

Le linn na seimineár pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Is ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha a bheidh na hócáidí seo ag freastal.

Tá dátaí uile na camhchuairte le fáil ar www.gaelport.com/bbnag

Gaeilgeoirí ag súil le #Gtuít

An tseachtain seo chugainn, baileoidh twitterati na Gaeilge lena chéile don chéad tweetup as Gaeilge, an #Gtuít sa Culture Box, 12 Sráid Essex Thoir i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, Déardaoin 27 Meán Fómhair ón 6.00-7.15.

I measc na n-ábhar a bheidh faoi chaibidil ag an ócáid neamhfhoirmiúil seo beidh na treochtaí agus na forbairtí is úire ar an idirlíon agus sna meáin dhigiteacha.

Is faoi stiúir phríomhshuíomh eolais na Gaeilge, Gaelport.com atá an ócáid. Deir Niamh Ní Shúilleabháin, Eagarthóir Gaelport.com, go bhfuil i gceist “deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí agus do dhaoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí teicneolaíochta, gréasánú a dhéanamh lena chéile agus aithne phearsanta a chur ar na daoine a bhíonn ag tuíteáil as Gaeilge agus a bhíonn ag glacadh páirte sna líonraí sóisialta eile trí mheán na Gaeilge”.

Fáilte roimh chách!

www.foinse.ie