Minister Quinn encourages schools to get involved in Seachtain na Gaeilge
Márta 7, 2012
Ghríosaigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., scoileanna agus daltaí chun bheith gafa le Seachtain na Gaeilge trí ócáidí agus gníomhaíochtaí a eagrú a chuireann an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge chun cinn.
Ghríosaigh an tAire scoileanna chun bheith gafa le Rith 2012 freisin. Féile náisiúnta í seo a reachtáiltear gach ré bliain. Cuirtear an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge chun cinn tríd an spórt i bhfoirm rith sealaíochta a thaistilíonn thart timpeall na hÉireann le teachtaireacht taca don Ghaeilge ón Uachtarán. Glacann líon suntasach scoileanna agus clubanna páirt i Rith áit a bhfeiceann siad an Ghaeilge lasmuigh den rangsheomra agus ina mbaineann siad taitneamh as bheith ag rith agus ag déanamh spóirt.
“Is mian liom scoileanna agus mic léinn a ghríosú chun bheith páirteach sna gníomhaíochtaí seo ina misnítear mic léinn chun an Ghaeilge a labhairt i dtimpeallacht shultmhar, spórtúil,” adúirt an tAire Quinn.
Fíor-dheis is ea Seachtain na Gaeilge agus Rith do mhic léinn chun an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha ina saol laethúil. Tá na tionscnaimh seo ina dtaca binn leis na birt chun béim i bhfad níos mó a chur ar an nGaeilge mar theanga labhartha sna scoileanna.
Maireann Seachtain na Gaeilge ó 5ú go dtí 17 ú Márta 2012 (www.snag.ie). Maireann Rith 2012 ó 8ú go dtí 17 ú Márta 2012 (www.rith.ie).
EDUCATION.IE