Naíonra Cheatharlach
Bealtaine 21, 2013
Ag druidim le deireadh scoilbliana eile ag gach leibhéal den oideachas ó réamhscolaíocht go bunscolaíocht, iarbhunscolaíocht go tríú leibhéal ní foláir tosnú ag réiteach gan mhoill don chéad scoilbhliain eile.
Sin mar atá ag Naíonra Cheatharlach agus clárú faoi lán seoil do Mhí Mheán Fómhair. Tá an naíonra i mbaile Cheatharlach lonnaithe i nGráig Chuilinn agus tá roinnt áiteanna fágtha ann don téarma nua.
Soláthraíonn Naíonra Cheatharlach an bhliain réamhscoile saor in aisce faoin Scéim um Chúram agus Oideachas Luath-Óige nó ECCE. De réir na scéime áirithe seo cuirtear bliain réamhoideachais ar fáil saor do gach páiste sar a fhreastalaíonn sé/sí ar an mbunscoil. Faoi stiúir na stiúrthóirí cáilithe sa naíonra foghlaimíonn an páiste an Ghaeilge go nádúrtha i dtimpeallacht chairdiúil. Tugann sé seo deis don pháiste an dara teanga a shealbhú trí mhódh an tsúgartha agus is é seo an cur chuige is oiriúnaí mar mhódh foghlama do pháistí óga. Is buntáiste iontach é seo don pháiste roimh dhul ar aghaidh chuig bunscoil ar bith gan trácht ar bhunscoil trí mheán na Gaeilge. Tá sé cruthaithe go mbíonn éifeacht dhearfach ar chumas foghlamtha páiste má bhíonn an dara teanga aige nó aici ag aois an-óg. Chomh maith leis an nGaeilge bíonn gach deis curtha ar fáil ag foireann an naíonra chun forbairt iomlán an pháiste idir fhorbairt fhisiciúil, intleachtúil,chruthaitheach, aeisteitiúil, shóisialta, mhothúchánach agus teanga a chur i gcrích.
Bunaíodh Naíonra Cheatharlach chomh fada siar le 1980 faoi threoir an Chomhchoiste Réamhscolaíochta agus thar breis is tríocha bliain tá na céadta páiste tar éis a gcéad bhlaiseadh den Ghaeilge a fháil i dtimpeallacht dearfach agus spraíúil na naíonraí.
Más mian leat blas den Naíonra a thabhairt do pháiste is féidir leo páirt a ghlacadh i gCampa na nÓg 2013 a bheidh á reachtáil sa Naíonra i Mí Iúil. Beidh Campaí na nÓg ar siúl i Naíonra Ghráig Chuilinn ón 8-19ú Iúil i mbliana agus is féidir clárú do cheachtar den dá sheachtain. Eagrófar meascán d’imeachtaí oiriúnach do pháistí idir 4-6 bliana d’aois ó 10.00r.n.-1.00i.n. agus beidh obair ealaíne agus ceardaíochta, cluichí agus turasanna áitiúla ina measc. Tá costas €40 in aghaidh na seachtaine ar an gcampa seo.
Beidh seirbhís nua ar fáil i Naíonra Cheatharlach ó Mhí Mheán Fhómhair 2013 do pháistí idir dhá bhliain agus 11 mí go trí bliana d’aois (iadsan nách bhfuil ag déanamh an bhliain ECCE). Beidh seisiún tráthnóna ar fáil i Naíonra Gráigchuilinn ar tráthnóna an Mháirt, Chéadaoin agus Déardaoin ó 1.00-3.30i.n. ar chostas €9 an tseisiúin. Is deis iontach í seo chun blas an Naíonra a thabhairt do pháistí níos óige agus is féidir suim a léiriú trí theagmháil a dhéanamh le Lorraine nó Madeline.
Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun áit a chur in áirithe is féidir dul i dteagmháil le Lorraine i Naíonra Ghráig Chuilinn ar 085 7377041 nó le Glór Cheatharlach ar 059 9158105.
Carlow Nationalist