Méid an Téacs

‘Níl na hacmhainní againn ár ndualgais teanga a chur i bhfeidhm’ – Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Meitheamh 27, 2016

Thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe, a d’fhógair stádas dátheangach don Ghaillimh níos túisce i mbliana, le fios don Choimisinéir Teanga nach raibh dóthain acmhainní acu chun a dualgais reachtúla teanga a chomhlíonadh.

Mhaígh an Chomhairle go raibh na gealltanais ina scéim teanga “an-sonrach agus go raibh siad insroichte tráth a gcomhaontaithe” ach go raibh “laghdaithe ar a cumas cloí leis an scéim de bharr ualach oibre agus laghdú acmhainní”.

Chinn an Coimisinéir Teanga imscrúdú a dhéanamh anuraidh maidir le teip na Comhairle codanna dá scéim teanga a chur i bhfeidhm.

Mar fhreagra ar chinneadh an Choimisinéara gur sháraigh an Chomhairle Cathrach an dualgas reachtúil teanga atá uirthi, tugadh le fios nach raibh Oifigeach Gaeilge ag an gComhairle “chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar chur chun cinn” na scéime teanga acu.

Thug lucht na Comhairle le fios go raibh “iarrtha arís agus arís eile” acu ar an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cead a thabhairt dóibh duine a earcú don phost mar Oifigeach Gaeilge lánaimseartha.

Tá Oifigeach Gaeilge ceaptha ó shin ag an gComhairle.

Le linn an imscrúdaithe, ghéill an Chomhairle nach raibh codanna dá scéim teanga á gcur i bhfeidhm acu agus deirtear i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga go bhfuil iarrachtaí ar bun faoi láthair an scéal a chur ina cheart.

Deirtear i dtuarascáil an Choimisinéara nach raibh na geallúintí ar fad a bhí tugtha ag an gComhairle curtha i bhfeidhm faoin am a cuireadh deireadh leis an imscrúdú ach go raibh “socrú sásúil molta” ag an gComhairle le cinntiú go ndéanfaí amhlaidh.

Sa tuarascáil tagraítear don stádas a shamhlaítear coitianta leis an nGaeilge i gcathair na Gaillimhe.

“Go deimhin, bhí go traidisiúnta agus tá go fóill an Ghaeilge aitheanta go láidir le Cathair na Gaillimhe. Tá ceantar Gaeltachta mar chuid de cheantar feidhme an údaráis áitiúil agus tá an ceantar Gaeltachta is mó sa tír ag luí ar thairseach na cathrach.

“Tá iarrachtaí móra ar siúl sa chathair le stádas agus úsáid na Gaeilge a neartú inti agus tá an Chomhairle Cathrach féin bainteach le cuid de na hiarrachtaí sin. Láidrigh an méid sin tuilleadh fós an riachtanas go bhféachfadh Comhairle Cathrach na Gaillimhe chuige go gcuirfí gach a raibh geallta sa scéim teanga i bhfeidhm go huile agus go hiomlán, gan trácht ar an dualgas reachtúil go ndéanfaí sin.”

Ba í “fírinne an scéil”, áfach, ná gur theip ar an gComhairle a scéim teanga féin a chur i bhfeidhm.

www.tuairisc.ie