Méid an Téacs

Níl spás ar bith ar an liosta áthais do Ghaelscoil Bharra go dtí 2015

Nollaig 14, 2012

Cuirfear tús le hobair san athbhliain ar luach €370m de thionscnaimh thógála scoileanna ar fud na tíre agus tá seacht nGaelscoil agus Gaelcholáiste amháin ar an liosta áthais.

Ach níl aon rian de Ghaelscoil Bharra i mBaile Átha cliath ar an liosta do 2013 a bhí faoi chaibidil i nGaelscéal le gairid. Tá daltaí Ranga a sé na scoile sin ag freastal ar ranganna i dtigh tábhairne tar éis gur thit an díon ina seomra ranga réamhdhéanta. Tuigtear ón scoil go bhfuil siad ar an liosta do 2015.

Anuas ar líon na scoileanna nua a gcuirfear tús lena dtógáil in 2013, tá dornán tionscnamh tógála eile ina leanfaidh obair ar Ghaelscoileanna ar cuireadh tús leo níos luaithe i mbliana.

Cuid é seo de thionscnamh tógála scoileanna ar fiú €2 billiún é agus a mhairfidh ó 2012-16.

Ar na Gaelscoileanna nua a bhfuil tús le cur leis an obair orthu le linn 2012, tá Gaelscoil an Ghort Álainn i dtuaisceart chathair Chorcaí. Bhí aighneas fada dlíthiúil ann mar gheall ar shuíomh na scoile sin ach tháinig deireadh leis an raic nuair a rialaigh an Ard-Chúirt ar son na tógála in ainneoin achainí ó roinnt áitritheoirí a bhí bhuartha faoi spás poiblí a bheith á chur i leataobh don scoil.

Beidh Gaelscoil Chalaidh an Treoigh i Luimneach ag fáil foirgnimh nua scoile freisin. Agus tá foirgneamh nua geallta do Ghaelscoil na Mí i gCill Dhéagláin, do Ghaelscoil Éadan Doire in Uíbh Fháilí, Gaelscoil Inis Córthaidh i Loch Garman agus Gaelscoil an Inbhir Mhóir i gCill Mhantáin.

Is é Coláiste na Coiribe i nGaillimh an t-aon mheánscoil Ghaeilge atá ag fáil foirgneamh nua sa bheartas tógála seo do 2013.

Tá obair ar bun cheana féin ar roinnt Gaelscoileanna eile, ina measc Gaelscoil Chloch na gCoillte i gContae Chorcaí, foirgneamh a bheidh réidh i Meán Fómhair 2013. Tá liosta iomlán na scoileanna a bheidh ag fáil foirgneamh nua ní síneadh ar fáil ar www.education.ie.

www.gaelsceal.ie