Méid an Téacs

Ráiteas Ruairí Quinn ina ábhar conspóide ar líne arís

Nollaig 12, 2012

Tá sé ráite ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD inniu gur chúis buartha dó an méid ama a chaitear ar an nGaeilge agus ar an reiligiúin i mbunscoileanna na tíre.

Chuir ráiteas an Aire an lasair sa bharróg agus bhí plé bríomhar ar Facebook agus ar Twitter i rith an lae.

Foilsíodh ráiteas an Aire ar shuíomh Gréasáin an Irish Examiner agus Breaking News níos túisce sa lá. Dar leis an Aire, is faoi chúram údaráis agus pátrúin na scoileanna a bhfuil dáileadh na n-uaireanta le linn an lá scoile ach gur b’fhearr leis go gcaithfí níos lú ama ar an nGaeilge agus an reiligiún agus níos mó ama ar an matamaitic agus an eolaíocht.

Foilsíodh staidéar idirnáisiúnta nua inniu a thugann le fios go bhfuil an caighdeán léitheoireachta, matamaitice agus eolaíochta i scoileanna na hÉireann os cionn an mheáin ach gan dóibh a bheith ar an gcaighdeán céanna leis na tíortha ar bharr an liosta.

Rinneadh neart plé ar an ábhar seo le linn olltoghcháin 2011 nuair a sheas Páirtí an Lucht Oibre agus na páirtithe polaitíochta eile i gcoinne thogra Fhine Gael a mhol an Ghaeilge mar ábhar roghnach ar an Ardteist, moladh a baineadh siar sular toghadh an Rialtas reatha.

Dúirt an tAire Ruairí Quinn go bhfuil easpa cothromaíochta idir an méid ama a chaitear ar mhúineadh na Gaeilge agus ar an reiligiúin i gcomparáid le hábhair eile agus dála an scéil, bhí se ar aon tuairim i mí Aibreán na bliana seo nuair a ardaíodh an cheist chéanna.

Dúirt sé ag an am gur gá plé suntasach a dhéanamh ar an mbéim a chuirtear ar an nGaeilge agus an reiligiún mar ábhair scoile ionas gur bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fhorbairt.

Foilsithe ar Gaelport.com