Méid an Téacs

Samhail mhaoinithe nua eile

Iúil 19, 2012

Sna sála ar chinneadh Fhoras na Gaeilge deireadh a chur leis an múnla a bhí molta acu le maoiniú a chur ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge, tá comhairleoir le ceapadh ag an bhForas chun teacht ar mhúnla úr nua.

De réir an fhógra a d’fhoilsigh an Foras beidh ar an té a cheapfar cás gnó a ullmhú ar an mbealach chun cinn, ag cur san áireamh na nithe seo leanas: An gá leis an athrú ó bhunmhaoiniú go dtí córas nua, a chuimseoidh an comhthéacs straitéiseach seachtrach agus inmheánach; Liosta de roghanna féideartha a ullmhú; Anailís a dhéanamh ar na roghanna uile a chuimseoidh, na rioscaí, na costais, idir chostais reatha, chostais dhíreacha agus chostais indíreacha, na buntáistí agus na míbhuntáistí neamhairgeadúla, agus éifeachtúlacht gach rogha; Na haidhmeanna atá leis an athrú; An rogha is fearr a aithint agus a mholadh.

San fhógra céanna thug Foras na Gaeilge le fios le fios go bhfuil siad ag lorg tairiscintí ó iarrthóirí a bhfuil tuiscint acu ar chásanna gnó ar ardchaighdeán a dhéanamh agus a bhfuil tuiscint acu ar earnáil na Gaeilge agus ar chur chun na Gaeilge thuaidh agus theas.

Tá Dé hAoine 27 Iúil luaite mar spriocdháta chun tairiscint a dhéanamh don phost mar chomhairleoir agus os rud é go bhfuil sé luaite roimhe seo ag an bhForas go mbeidh cinneadh le glacadh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí na Samhna maidir le maoiniú an earnáil dheonaigh ó Mheitheamh 2013 ar aghaidh is léir nach mbeidh mórán saoire i gceist do pé chomhairleoir a cheapfar.

www.advertiser.ie/galway