Méid an Téacs

Sárthorthaí á ngnóthú ag Gaeilgeoirí óga ó thuaidh

Meán Fómhair 3, 2010

Tá Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, i ndiaidh tréaslú leis na daltaí agus múinteoirí ó Choláiste Feirste i mBéal Feirste agus Coláiste Chaitríona in Ard Mhacha, mar gheall ar shárthorthaí na ndaltaí i scrúduithe TGMO (GCSE) agus A-Leibhéil i mbliana. Mhol sé an lucht ceannaireachta agus an fhoireann sa dá choláiste as an dul chun cinn leanúnach atá siad a dhéanamh.

I gColáiste Feirste bhí ardú suntasach ó 67% in 2009 go dtí 78% i mbliana ar an líon daltaí a ghnóthaigh pas A* – C i gcúig ábhar TGMO nó níos mó, figiúr atá i bhfad níos airde ná an meán de 54% do scoileanna neamhghramadaí TÉ. Dar le Seán Ó Coinn, is ábhar mór maíte iad na torthaí seo, nuair a chuirtear san áireamh gur ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste iad breis agus 80% de dhaltaí Choláiste Feirste.

I dtaca le A-Leibhéal de, ghnóthaigh 76% de dhaltaí A* – C in dhá ábhar nó níos mó agus ghnóthaigh dalta amháin A* sa Mhatamaitic agus san Fhisic araon. Deir Seán Ó Coinn go léiríonn torthaí den chineál seo na buntáistí breise a bhaineann leis an Ghaelscolaíocht, ina múintear na daltaí trí Ghaeilge agus ina ngnóthaíonn siad torthaí den scoth.
Déanann daltaí an Choláiste Gaeilge TGMO i mBliain 9, trí bliana níos luaithe ná daltaí i scoileanna eile agus, i mbliana, ghnóthaigh 97% acu grád A* – C.

Thug an tUasal Ó Coinn ardmholadh fosta do dhaltaí Choláiste Chaitríona in Ard Mhacha, an dara soláthróir iar-bhunscolaíochta in earnáil na Gaelscolaíochta, áit a mbaineann na daltaí lán-Ghaeilge na hardchaighdeáin chéanna amach i gcónaí agus a bhaineann na daltaí sa chuid Bhéarla den scoil amach. I mbliana ghnóthaigh 88% de dhaltaí A* – C i gcúig ábhar TGMO nó níos mó, agus ghnóthaigh 100% de dhaltaí Bhliain 9 A* nó A sa TGMO Gaeilge.

Agus é ag cur síos ar an fhorbairt leanúnach ar an soláthar iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge, dúirt Seán Ó Coinn go raibh an bhliain seo thar a bheith rathúil, sa mhéid is go raibh iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge á hofráil den chéad uair riamh ag Clochar Naomh Iósaf, Domhnach Mór, agus go raibh moltaí á bhforbairt le hiar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge a bhunú in 2011 in Ardscoil Naomh Maolmhadhóg i gCaisleán Uidhilín.

Thug Seán Ó Coinn ardmholadh don fhoireann agus do na daltaí as na torthaí iontacha a bhí gnóthaithe acu, ag rá gur eiseamláir dhea-chleachtais iontacha iad Coláiste Feirste agus Coláiste Chaitríona do na soláthróirí nua ar an Domhnach Mór agus i gCaisleán Uidhilín.

“Tá siad ina gceannródaithe ar an iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge,” ar sé. “Rinne siad ábhair úra iontacha staidéir a fhorbairt, agus choinnigh siad na caighdeáin is airde dá ndaltaí lena linn.”

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
03 Meán Fómhair 2010