Méid an Téacs

Scaradh na gcompánach

Samhain 27, 2013

Tá Conradh na Gaeilge i ndiaidh éirí as ballraíocht Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, scátheagraíocht na n-eagras deonach teanga.

Tá an dá eagras in iomaíocht le chéile le stádas “ceanneagraíochta” a bhaint amach faoi scéim nua mhaoinithe Fhoras na Gaeilge. Dúirt urlabhraí ón chomhdháil go leanfadh an dá eagras den chomhoibriú. Mar sin féin, bhí sé de cheart acu mar “scátheagraíocht ar earnáil dheonach na Gaeilge, agus mar lárchomhairle phobal na Gaeilge … bheith rannpháirteach go hiomlán sa phróiseas a bhaineann leis an múnla nua maoinithe ag Foras na Gaeilge, agus gach iarracht a dhéanamh chun stádas ceanneagraíochta a bhaint amach, ar mhaithe le balleagraíochtaí uile na comhdhála, (iad siúd atá maoinithe agus iad siúd nach bhfuil), agus ar mhaithe le pobal na Gaeilge”.

A mhalairt de thuairim a bhí ag an chonradh. Thug siad le fios nár chóir don chomhdháil dul in iomaíocht lena cuid ball féin. Chreid an conradh “go láidir” nárbh é an ról a bhí ag an chomhdháil dul in iomaíocht le balleagraíocht má bhí sé “ar chumas na heagraíochta sin an obair a dhéanamh – ní hamháin mar gheall gurbh é sin atá luaite i mbunreacht na comhdhála, ach ar bhonn prionsabail chomh maith”. Lena chois sin, d’fhógair Foras na Gaeilge an tseachtain seo caite go raibh cuireadh tugtha do 13 eagraíocht aighneachtaí a dhéanamh faoin chéad chéim eile den phróiseas maoinithe. Bhuail Foras na Gaeilge leis na heagrais Dé Aoine, 15ú Samhain agus “rinneadh plé agus tugadh soiléiriú ar cheisteanna a bhain leis na haighneachtaí”.

Is í an Aoine, 6ú Nollaig, an spriocdháta d’aighneachtaí. Dhéanfadh an foras measúnú ar na hiarratais. Tá sé i gceist acu bualadh leis na heagraíochtaí a bheas ar an ghearrliosta ag tús na bliana úire; déanfaidh an bord cinneadh faoi na ceanneagraíochtaí ar 17ú Eanáir.

www.irishtimes.com