Méid an Téacs

Scéalta móra agus dánta beaga do léitheoirí óga

Deireadh Fómhair 31, 2012

NÍL DEIREADH le leabhair agus filíocht do pháistí – agus is maith nach bhfuil.

Beidh aithne ag mórán léitheoirí ar Alan Titley, colúnaí leis an nuachtán seo, as na leabhair ar fad atá scríofa aige d’óg is d’aosta.

Is é Smuf (An Gúm, ¤6.50) an leabhar is déanaí dá chuid agus é dírithe ar léitheoirí óga. Is madadh beag álainn í Smuf ach madadh a n-éiríonn a húinéir tuirseach di; tréigeann sí Smuf ag taobh an bhealaigh mhóir agus is faoi Smuf atá sé a bealach a dhéanamh sa saol feasta. Is í ár Lassie féin í.

Éalú san Oíche (Cló Mhaigh Eo, ¤9) atá ar úrscéal nua le Colmán Ó Raghallaigh, úrscéal atá dírithe ar léitheoirí os cionn naoi mbliana d’aois. Tá an scéal suite sa bhliain 1847 i Maigh Eo agus an drochshaol ag dul in olcas.

Caithfidh Tomás Ó Máille agus a chlann slán a fhágáil lena gceantar dúchais agus aghaidh a thabhairt ar an Oileán Úr. Ar an drochuair, tógann saighdiúirí Sasanacha Tomás agus tá an chuma ar an scéal gur droch-chríoch a bheas i ndán dó. Faoina chara Pádraig atá sé é a thabhairt slán as an chontúirt.

Leabhar eachtra agus staire atá in Tubaiste ar an Titanic (Cló Mhaigh Eo, ¤9) leis an scríbhneoir Máire Zepf.

Eochair draíochta atá i gceist an iarraidh seo, eochair a chasann Cormac agus Brídín siar go dtí an bhliain 1912 agus an Titanic. Faraor, tá an long ar muir agus ní fada go mbíonn an bheirt i mbaol a mbáis. Tugann an turas gan choinne dúshlán na díse.

Do léitheoirí os cionn deich atá an leabhar seo agus is í Olivia Golden a mhaisíonn é agus Éalú san Oíche le léaráidí a thugann leideanna don léitheoir cad é atá ar siúl.

Is é Peter Donnelly a mhaisigh Smuf agus bhraithfeá go mbeadh sé ionann agus a bheith dodhéanta Smuf bhocht a chaitheamh amach as carr, a áille agus atá sí.

Dánta gan mórán dua atá sna leabhair Féasta Filíochta (An Gúm, ¤6.50) agus Dalladh Dánta (An Gúm, ¤6.50) le filí éagsúla. Tugann an dán, Rómhall, le hÉamonn Ó Ruanaí, blaiseadh don léitheoir faoina bhfuil ann: “Má thiteann úll ar bharr do chinn,/Is tú ag machnamh fá scáth crainn,/Ná bíodh sceitimíní ort, a mhic,/Tá cóipcheart ar an domhantarraingt/Ag Newton glic.”

Gearrliosta gradam

BEIDH DEICH leabhar in iomaíocht do Ghradam Uí Shúilleabháin, Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta, agus Ghradam Réics Carló, Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga, ag deireadh na Samhna.

Tá an t-úrscéalaí Pádraig Standún san iomaíocht do Ghradam Uí Shúilleabháin lena shaothar, Ar Nós an Pháiste (Cló Iar-Chonnacht), scéal faoi fhear a bhfuil Alzheimers air.

Is fada an file Louis de Paor i mbun pinn – bíodh is nach seanduine go fóill é – agus tá a chnuasach, Rogha Dánta (Coiscéim), ar an ghearrliosta fosta.

Dráma le Liam Ó Flaithearta atá in Dorchadas (Arlen House) agus is é Brian Ó Conchubhair a rinne eagarthóireacht ar an saothar seo.

Tá An Litir (Leabhar Breac) le Liam Mac Cóil molta ag mórán léirmheastóirí mar úrscéal staire den scoth agus ní hiontas é a bheith luaite i measc na leabhar urramach eile seo.

Leabhar eolaíochta den chaighdeán is airde atá ann mar Dúlra Oileáin Árann (Cois Life) le Con Ó Ruairc, ceann den bheagán leabhar eolaíochta a fhoilsítear i nGaeilge.

Ailfí agus an Vaimpír (Cois Life) le hOrna Ní Choileáin atá i measc na leabhar do dhaoine óga. Ní vaimpír ach madadh a bheidh ag tabhairt a dúshláin agus Saol an Mhadra Bháin ( LeabhairCOMHAR) le Ríona Nic Congáil sa chatagóir céanna. Madadh eile atá i gceist le leabhar Patricia Forde, Binjí – Madra ar Strae (Futa Fata).

Beirt údar as an Tuaisceart atá fágtha ar an ghearrliosta: Ó Chrann go Crann (An tSnáthaid Mhór) le Caitríona Hastings faoi shaol na tuaithe agus Tubaiste ar an Titanic (Cló Mhaigh Eo) le Máire Zepf.

Béarla Mheiriceá

IS É Béarla Mheiriceá a gheobhaidh an lámh in uachtar ar Bhéarla na hÉireann luath nó mall.

Is de Bhéal Feirste mise agus tugaim faoi deara go bhfuil lear mór focal Béarla a bhí coitianta le linn m’óige ag imeacht nó imithe. In áit rudaí a bhí “minging” ag mo ghlúin, bíonn siad “gross” ag glúin atá 20 bliain níos óige. In áit rudaí a bhí “beezer” againn, tá siad anois “cool”.

Tá an tréith sin chun Meiriceánachais le feiceáil tráth seo na Samhna fosta. “Trick or treat” a déarfaidh na daoine óga a thiocfaidh chun dorais anocht agus iad ar lorg na milseán. (Ní mholfainn “trick” a dhéanamh!)

Bhí ar mo ghlúin i mBéal Feirste rann iomlán a rá agus muid ag iarraidh dornán beag milseán a mhealladh ó na comharsana: “Halloween is coming and the goose is getting fat, will you please put a penny in the old man’s hat, if you haven’t got a penny, a ha’ penny will do, if you haven’t got a ha’ penny, then God bless you – and your old man too.”

Ní dócha go ndéarfaidh mórán an méid sin anocht nó is fusa i bhfad “trick or treat” a scairteadh. Tógaim an dul ar gcúl ar na Poncánaigh.

Rotha mór na staire

TÁ AN nóta beag seo le fáil ag tús leabhar staire Jonathan Bardon, The Plantation of Ulster (Gill & MacMillan): “In 1603, two dynasties fell. Elizabeth I died childless: the Tudors lost the Crown. And Hugh O’Neill surrendered to the English: over a thousand years of Gaelic monarchy ended. O’Neill died in despair in 1616.

“But history had not abandoned him. He left a daughter, Sorcha O’Neill, who married an Irish aristocrat, a Magennis of Iveagh. Ten generations later, one of her descendants became Lady Glamis. In 1900, she had a daughter – Elizabeth Bowes Lyon. Elizabeth was the mother of Elizabeth Windsor. In 1952 she became Queen of Great Britain and Northern Ireland. Elizabeth II embodied a dynasty which Elizabeth had been at pains to destroy.”

Rotha mór an tsaoil agus na staire.

Times na Gaeilge

FOILSEOIDH AN nuachtán seo leathanach iomlán Gaeilge ar an tseachtain seo chugainn, forbairt mhór ar chúrsaí teanga. In áit trí cholún a fhoilsiú Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin, foilseoidh muid aon leathanach amháin de cholúin, chúrsaí nuachta agus de thuairimíocht Dé Céadaoin as seo amach.

Beidh Tuarascáil, alt seachtainiúil le hAlan Titley agus míreanna le scríbhneoirí eile i gcuideachta a chéile gach Céadaoin.

Is é an chéad uair é go mbeidh leathanach iomlán Gaeilge ar an nuachtán agus léiríonn an dul chun cinn seo an tábhacht a bhaineann leis an teanga don pháipéar seo.

Is liosta le lua é na daoine a scríobh i nGaeilge don nuachtán seo thar na blianta. Ach is liosta le lua é fosta na léitheoirí atá againn le fada fada, léitheoirí a roghnaíonn an nuachtán seo thar nuachtáin eile de bharr na hoibre móire a rinne scríbhneoirí agus iriseoirí Gaeilge anseo le tamall mór fada.

Is é ár ndúil go mbeidh tusa, mar léitheoir, sásta leis an leathanach a bheidh romhat ar an tseachtain seo chugainn agus go mbeidh tú linn go ceann tamaill fhada eile ar aistear seo na hiriseoireachta.

www.irishtimes.com