Méid an Téacs

Seimineáir Ghairmeacha in Iarthuaisceart na Tíre

Lúnasa 24, 2011

Agus rang na hardteiste 2011 ag machnamh ar na tairiscintí do na cúrsaí ollscoile, tá sé tráthúil do bhfuil dátaí an tseimineáir gairmeacha agus cúrsaí ollscoile, ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ fógartha.

Tabharfar deis do dhaltaí scoile ó na ranganna sinsearacha sa mheánscoil san iar-thuaisceart páirt a ghlacadh san imeacht oideachasúil.

Reáchtálfar seimineáir i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma  ar 11 Deireadh Fómhair agus Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin ar 12 Deireadh Fómhair 2011.

Go dtí seo, tá seimineáir reáchtáilte ag An Chomhdháil, i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal Feirste, i Leitir Ceanainn agus ar An Tulach Mór.

Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre.  Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.  Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí  i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.

Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí,  rud a spreagann díospóireacht spleodrach ar leithéidí todhchaí na teanga, stádas Gaeltachta, an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht, an Ghaeilge ag an tríú leibhéal, nó tacaíocht an Rialtais don teanga.

Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastáin eolais, chun eolas a roinnt ar na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Beidh fáilte roimh daltaí agus scoileanna ó na ceantair mháguaird freastal ar an dá seimineáir.

Tuilleadh eolais: http://www.gaelport.com/bbnag

©Foilsithe ar Gaelport.com 23 Lúnasa 2011