Méid an Téacs

Seimineár gairmeacha le teacht go Ceatharlach

Eanáir 28, 2011

Mar chuid dá gcamchuairt timpeall beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag eagrú seimineáir ghairmeacha darb ainm ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ do dhaoine óga i gCeatharlach ar an Déardaoin, 24 Márta 2011.

I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid, beidh Traic Ó Braonáin atá fostaithe mar Bhainisteoir Iar-Aire le Coláiste na bhFiann.

Labhróidh Emma Whitmore, bean óg atá ina hOifigeach Forbartha Gaeilge le Glór Cheatharlach ar a cuid taithí féin agus í ag obair le heagraíochtaí atá ag cur chun cinn na Gaeilge i gCeatharlach.

Ag labhairt freisin beidh Mairéad Ní Mhurchú atá ag obair mar Léiritheoir/Stiúrthóir leis an gcomhlacht léiriúchán Nemeton atá lonnaithe sa Rinn i bPort Láirge.  Beidh Máiread ag labhairt faoina taithí féin leis an nGaeilge agus na buntáistí agus na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge di agus í ag dul i mbun gairm bheatha cosúil le haoichainteoirí eile.

Seo é an t-aonú seimineár déag dá shaghas atá á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le cúpla bliain anuas.  Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha ins na meánscoileanna ar fud na tíre.

Le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.
Mar chuid den seimineár cuirfear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt.

Beidh ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal i láthair chomh maith, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Má tá spéis ag do scoil freastal ar an ócáid seo is féidir tuilleadh eolais faoin seimineár a fháil ach glaoch a chur ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag 01 679 4780 nó r-phost a chur chuig brighid@comhdhail.ie