SPRAOI ag Tuistí agus Leanaí
Márta 12, 2013
Tiocfaidh SPRAOI, an grúpa dátheangach Tuistí/Leanaí i gCeatharlach, le chéile do Sheachtain na Gaeilge ar an Satharn seo chugainn, 16ú Márta ag 11 a chlog ar maidin.
Bunaíodh SPRAOI an samhradh seo caite agus tagann an grúpa le chéile gach dara Dé Sathairn in Ionad Phobal Darach Úr.
Bíonn tae agus caife do na tuismitheoirí agus comhrá dátheangach ar siúl acu fhad is a bhíonn na páistí ag spraoi. Cuirtear fíorchaoin fáilte roimh éinne go bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus iad i suíomh spraíúil, neamhfhoirmiúil. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge ach díreach suim agus sásta triail a bhaint aisti!
Costas €3 an chlann a bhíonn le n-íoc agus bíonn tae/caifé/brioscaí chomh maith le sú do na páistí san áireamh sa costas sin. Eagraithe i gcomhar le Comhluadar Teo tá an grúpa SPRAOI oiriúnach d’éinne le páistí suas go 5 bliana d’aois.Tá gach eolas ar fáil ó Emma i nGlór Cheatharlach ar (085) 1340047. Bígí linn do Sheachtain na Gaeilge ach go háirithe agus beidh fáilte roimh cách!
www.carlow-nationalist.ie