Méid an Téacs

Spraoicheist Gael Linn i gCeatharlach

Meitheamh 29, 2011

B’iontach an ocáid Ghaelach a reachtáileadh le déanaí mar chuid d’imeachtaí na hÉigse i gCeatharlach do dhaltaí ins na hardranganna i mbunscoileanna an cheantair.

Spraoicheist na hÉigse a bhí  ann, eagraithe ag Gael Linn i gcomhar le Glór Cheatharlach, agus d’éirigh go hiontach leis an ócáid. Ghlac seacht bhfoireann is tríocha páirt sa Spraoicheist. Dob é an slua ba mhó riamh agus líonadar halla spóirt na Gaelscoile.Thángadar ag siúl, i gcarranna agus i mbusanna ó aon scoil déag. Bhíodar ann ó Ghleann Uisean, Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Scoil an Easboig Uí Fhoghlú, Beann na gCaorach, Tigh an Raoireann, Baile na mBreathnach, Scoil Chailíní an Teaghlaigh Naofa, Scoil Naomh Bríd Muinebheag, Gaelscoil Átha Í, Scoil Naomh Fiacc agud Díseart Diarmada.

Bhí éagsúlacht an-mhaith de cheisteanna le freagairt bunaithe ar spórt agus ceol, scannáin agus cláracha teilifíse, leabhair agus eolas ginearálta. Dob í Niamh de Búrca thar cheann Gael Linn a bhí ag cur na gceisteanna agus bhí muintir Ghlór Cheatharlach i mbun marcála. Bhí na daltaí uile thar a bheith tógtha leis an mbabhta éisteachta agus le babhta na bpictiúr ach go háirithe. Bhain cuid de na foirne scóranna an-ard amach. Tháinig Tigh an Raoireann agus Gaelscoil Cheatharlach ar chomhscór sa tríú háit le Scoil an Easboig Uí Fhoghlú sa dara háit. Ach le scór dochreidte de naoi marc is caoga as seasca fógraíodh na buachaillí ó Scoil Naomh Bríd, Muinebheag mar bhuaiteoirí Spraoicheist 2011. Bronnadh duaiseanna agus plaiceanna Gael Linn ar bhaill na bhfoirne a bhuaigh .

Chun clabhsúr a chur leis an ócáid chuir na daltaí ó Ghaelscoil Átha Í, Scoil an Teaghlaigh Naofa, Gleann Uisean agus Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc taispeántas ceoil i láthair. Ghabh Niamh de Búrca buíochas leis na daltaí, leis na múinteoirí agus le bainistíocht na Gaelscoile as a dtacaíocht do Spraoicheist  Gael Linn  atá anois mar cheann de phríomh imeachtaí na mbunscoileanna ar chlár Fhéile na hÉigse i gCeatharlach.

The Nationalist – Glór Ceatharlach