Méid an Téacs

Spriocdháta Siansa Gael Linn ag teannadh linn

Samhain 2, 2012

Tá go dtí an Aoine 9 Samhain ag daoine le cur isteach ar chomórtas Siansa Gael Linn 2013.

“Tá bileoga Siansa Gael Linn 2013 scaipthe ar scoileanna, ar eagrais agus ar chlubanna ceoil ar fud na tíre faoin am seo,” arsa riarthóir an chomórtais, Niamh de Búrca.

“Tá súil againn grúpaí a mhealladh a mbeidh sé mar sprioc acu an ceol agus an amhránaíocht thraidisiúnta a thabhairt leo, mar atá déanta ag grúpaí ar nós Téada, Altan, Danú, Liadán agus araile.”

Tá an comórtas oscailte do dhaoine óga atá ós cionn 12 bhliain agus faoi bhun 19 mbliana d’aois. Bíonn idir cúigear agus ochtar i ngach grúpa. Cuireann grúpaí a rogha féin ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta ar dhiosca – clár leanúnach idir 10 agus 12 nóiméad ar fhad a bhíonn de dhíth.

Ó na hiarratais tosaigh sin, roghnaítear tuairim is 32 grúpa le páirt a ghlacadh i gceardlanna le ceoltóirí aitheanta – Ciarán Ó Maonaigh (Fidil) agus Breanndán Ó Beaglaoich (Boys of the Lough agus Beginish) a bheidh ina mbun ón 21 – 26 Feabhra 2013.

As na ceardlanna seo, roghnófar ocht ngrúpa chun páirt a ghlacadh sa chraobhchomórtas a bheidh ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath ar an Domhnach, 14 Aibreán 2013. Beidh an ocht ngrúpa seo san iomaíocht do dhuaischiste €4,500. Is í Mary Bergin (Dé Danann, Dordán) a bheidh ag moltóireacht in éineacht le Ciarán agus Breanndán ar an oíche mhór seo.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó www.gael-linn.ie

www.gaelsceal.ie