Méid an Téacs

Sraith cruinnithe poiblí fud fad an tuaiscirt le Comhairle na Gaelscolaíochta

Feabhra 27, 2015

Chuir Comhairle na Gaelscolaíochta tús lena phróiseas chomhairliúcháin d’earnáil na gaelscolaíochta le linn mí na Nollag 2014. Leanfaidh an comhairliúchán ar aghaidh go lár mhí an Mhárta 2015 le sraith cruinnithe poiblí fud fad an tuaiscirt.

Beidh cruinniú poiblí in Ionad Acmhainne Dún Uladh, ar an Ómaigh ar an 2ú Márta, 2015 ar 7.30in.

Is é is cúis leis an chomhairliúchán ná barúlacha, dearcaí, buarthaí agus súilíochtaí an phobail Gaelscolaíochta a chluinstin faoi mar is féidir dul chun cinn a dhéanamh sna blianta atá romhainn.

Tá an comhairliúchán lárnach maidir le pleanáil cheantair agus imreoidh sé tionchar nach beag ar phlean straitéiseach forbartha Chomhairle na Gaelscolaíochta i dtaca le soláthar na gaelscolaíochta ag leibhéal na réamhscolaíochta, na bunscolaíochta agus na hiar-bhunscolaíochta, mar a deir An Dr Mícheál Ó Duibh, Príomhfheidhmeannach:
“Tá Comhairle na Gaelscolaíochta ag súil le teacht amach maith ag na cruinnithe poiblí seo agus ag súil go mór le dearcadh dearfach eolach ó phobal na gaelscolaíochta faoi cheist an ghaeloideachais dár gcuid páistí sna blianta atá romhainn”.

Tá an comhairliúchán seo ina chéad chéim eile ag Comhairle na Gaelscolaíochta ar fhorbairt leanúnach dár n-earnáil. Tá breis is 5000 dalta i n-earnáil na gaelscolaíochta ó thuaidh.