Tacaíocht na Comhairle á lorg ar cheist na Gaelscoile
Bealtaine 10, 2010
Cuirfear dlús faoin bhfeachtas ‘Aitheantas’ inniu nuair a mholfar rún ag cruinniú de chuid Chomhairle Chontae na Mí ag moladh agus ag tacú le Coiste Bunú Gaelscoil Ráth Tó.
Tá sé mar sprioc ag an bhfeachtas tacú le hiarrachtaí an choiste áitiúil, gaelscoil a chur ar bun sa cheantar in ainneoin gur dhiúltaigh an Roinn Oideachais aitheantas oifigiúil a thabhairt do ghaelscoileanna nua i mbliana.
Is é an rún a bheidh á moladh ná go dtacaíonn agus molann Comhairle Contae na Mí an obair déanta ag Coiste Bunú Gaelscoil Ráth Tó agus éilíonn an Comhairle ar an Aire Oideachais agus Scileanna aitheantas a thabhairt láithreach do Ghaelscoil Ráth Tó a bheidh ag oscailt i mí Meán Fómhair 2010.
Chuir Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar, An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna tús leis an bhfeachtas nua lena chinntiú go n-aithneofar Gaelscoil Ráth Tó agus go n-úsáidfidh an Roinn Oideachas agus Eolaíochta soláthar an ghaeloideachais mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua.
Tá súil ag an gCoiste áitiúil ranganna scoile a reáchtáil go sealadach san fhoirgneamh atá ag an Cumann Lúthchleas Gael sa bhaile ón gcéad lá de mhí Mheán Fómhair agus táthar ag tiomsú airgid i láthair na huaire. Cuireadh tús le feachtas earcaíochta d’fhoireann na scoile le déanaí chomh maith.