Tacaíocht phoiblí do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh
Aibreán 10, 2012
Tá dúshlán an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., tugtha ag cúigear Theachta Dála Gaillimh Thiar agus iad ag iarraidh a fháil amach cén fáth a bhfuil Gaelscoil Mhic Amhlaigh fágtha ar lár ón liosta scoileanna atá le maoiniú faoi phlean thógála na Roinne ó seo go dtí 2015.
Tá na Teachtaí Dála i measc liosta iomlán de 13 ionadaithe poiblí a shínigh litir chuig an Aire Ruairí Quinn ag éilimh go gcuirfear maoiniú ar fáil don scoil.
Tá an beartas nua ag teacht sna sála ar chruinniú tacaíochta don scoil, cruinniú a mheall breis agus 600 duine chuig Óstán Bhóthar na Trá an tseachtain seo caite.
Chuala an cruinniú go raibh an-chuid obair ullmhúcháin déanta ag an scoil chun síneadh a chur leis an scoil agus cóiríocht bhuan a chur ar fáil do 200 páiste. Dúradh go raibh an scoil réidh le tairiscintí tógála a lorg ach gur tharraing an Roinn Oideachais siar ón tionscnamh ag an nóiméad déanach i mí Eanáir.
Ábhar mór sásamh a bhí sa slua mór a d’fhreastail ar an gcruinniú poiblí dar le Dairíona Nic an Iomaire, príomhoide na scoile. Ag trácht ar an tacaíocht seo dúirt sí freisin “ Laistigh de 10 lá, shínigh breis agus 3000 de shaoránaigh na Gaillimhe achainí chun an cinneadh a athrú. Tá 12 bliain caite againn ag feitheamh, tá gach céim sáraithe againn agus ní bheidh an scéal seo ag dul a chodladh. Má tá an Rialtas dáiríre maidir lena ndílseacht do pháistí, don oideachas, do chruthú todhchaí níos folláine agus cosaint na Gaeilge féin, tá dualgas orthu gníomhú láithreach.”
www.advertiser.ie/galway