Méid an Téacs

Taifeadadh dlúthdhiosca Mhúscraí mar infheistíocht dúbailte san óige

Meitheamh 13, 2013

Tá grúpa de dhéagóirí Ghaeltacht Mhúscraí ar tí leas a bhaint faoi dhó as tionscadal nuálaíoch inar dhein siad a ndlúthdhiosca féin a thaifeadadh agus a léiriú.

Ní hamháin gur tugadh deis do na ceoltóirí agus na hamhránaithe óga páirt a ghlacadh mar aíonna taifeadta, ach tugadh seans dóibh chomh maith teicnící stiúideo a fhoghlaim i dtionscnamh nuálaíoch maoinithe ag Comhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí. Agus, i gcoinne timpeallacht reatha na ciorrúchán maoinithe, tá cuid den mhaoiniú Euro 4,000 a tugadh do thaifeadadh ‘Fuaim an Stáisiúin’ le hathinfheistiú chun leasa ógánaigh an cheantair ar feadh na blianta le teacht, leis an t-airgead ó dhíolachán na ndlúthdhioscaí á chur i dtreo áiseanna óige sa cheantar. Tháinig an smaoineamh don dlúthdhiosca ó theacht le chéile amhránaithe agus ceoltóirí óga ar bhonn seachtainiúil trí Chlub Óige an tSuláin i gCúil Aodha agus a tháinig le chéile i mbun ceoil faoin ainm ‘Ceoltóirí Óga Mhúscraí’.

Le pleananna le haghaidh áis óige i gceantar Bhaile Mhúirne curtha i leataoibh go fadtéarmach, tháinig smaoineamh an dlúthdhiosca mar thionscadal níos gearrthéarmaí ó éascaitheoir Billy Ó hÉalaithe.Mhol sé an smaoineamh do cheoltóirí óga, ina measc siúd Diarmuid De Bhulbh, a ghlac ról lárnach i dtaifeadadh agus léiriú ‘Fuaim an Stáisiúin’ agus a dhear an clúdach don dlúthdhiosca 12 traic chomh maith. “Dhein Diarmuid gach rud, ón taifeadadh agus máistriú go dtí gníomhú ina fhear léiriúcháin agus caidreamh poiblí,” a mhínigh Billy. “Bhí an smaoineamh agam agus éascaíodh é ionas go bhféadfadh daoine óga an seans a bheith acu ceol a sheinnt le chéile. Theastaigh uaim go bhfaighidís tuiscint chomh maith ar cé chomh deacair atá sé dlúthdhiosca a chur le chéile agus an ualach oibre a bhíonn i gceist leis.” Thug Tadhg Ó Céilleachair ó Sulán Studios taithí a chuid saineolais taifeadta agus léiriúcháin siúd do na déagóirí, ar dhaltaí iad iar fad de chuid Coláiste Ghobnatan i mBaile Mhic Íre agus Scoil Mhuire i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh.

Mar thoradh na hoibre bhí ‘Fuaim an Stáisiúin’ meascán de stíleanna ceoil agus teangacha a nascann ceol traidisiúnta na hÉireann le rac-cheol agus punc-cheol, ag léiriú stíleanna ceoil na ndaoine óga a bhí páirteach sa tionscadal. “Leaganacha bunaidh iad na hamhráin ar fad agus tá siad go seoigh ar fad. Táid i nGaeilge agus i mBéarla agus i seánraí iomlán difriúil,” a dúirt Billy. Téann an ceol ar an dlúthdhiosca sa raon ó cheol an racghrúpa BatCountry (David Douw, Bobby De Bhulbh agus Arran Bradstock) agus punc-cheol (Darren agus James Faul) go stíleanna traidisiúnta (Síle Ní Shuibhne; Diarmuid agus Colm Ó Meachair; Doireann Ní Lionáird), pianódóirí (Shauna Willems; Diarmuid De Bhulbh), agus amhránaithe agus giotáraithe (Heloise O’Sullivan; Denis O’Sullivan; David Twomey; Diarmuid De Bhulbh, Róisín agus Máiréad Ní Chéilleachair agus Emer Ní Chuana; Amhlaoibh Mac Suibhne).

Bhí Diarmuid, mac an amhránaí-an chumadóra Ger Wolfe, lán de mholadh do na deiseanna a thug an taifeadadh do dhaoine óga sa cheantar. “Ó thaobh na foghlama de bhí sé fíorshuimiúil agus tá buneolas tugtha aige dom ar an bpróiseas taifeadta agus measctha trí chéile,” a dúirt sé. “Bhí sé go maith chomh maith daoine a thabhairt le chéile chun éachtaint a fháil ar an méid atá á dhéanamh ag daoine eile ar bhonn ceoil, agus ceapaim gur oibrigh sé gan dabht. “Tá meascán mór stíleanna ann agus chuaigh na ceoltóirí féin i mbun scríofa nó aistriúcháin na dtraiceanna uile, seachas i gcás an cheoil thraidisiúnta,” a dúirt sé. “An smaoineamh a bhí leis an dlúthdhiosca ná go bhfoghlaimeoimis conas dlúthdhiosca a chur le chéile agus chabhraigh Tadhg Ó Céilleachair ar bhonn gníomhach sa phróiseas ar fad. “In ionad íoc as áis óige, infheistíodh an t-airgead sa cheol, agus an smaoineamh atá ann ná go gcuirfear an t-airgead a thagann ón dlúthdhiosca i dtreo láthair cruinnithe na n-óg,” a dúirt sé chomh maith. “Is mór an buíochas atá tuilte ag Billy agus ag Tadhg Ó Céilleachair, agus Tomás Ó hAodha ag Comhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí as maoiniú an tionscadail a eagrú, a chlúdóidh léiriú agus scaipeadh an dlúthdhiosca, mar aon le Don Ó Laoire sa Mhuileann as cead a thabhairt don ghrúpa an taifeadadh a dhéanamh ann saor in aisce, agus as an seoladh a reáchtáil ann chomh maith. Seolfar ‘Fuaim an Stáisiúin’ sa Mhuileann i mBaile Mhúirne ar an Domhnach 23ú Meitheamh le barbaiciú agus ceol beo ó aíonna an dlúthdhiosca, mar aon le ‘aoi náisiúnta’ atá cinnte le bheith i láthair ann chomh maith. Beidh an dlúthdhiosca ar díol sna siopaí áitiúla ar chostas Euro 10.

www.eveningecho.ie