Méid an Téacs

Taighde baoth

Eanáir 20, 2011

CROBHINGNE: IS ANNAMH don Roinn Oideachais agus Scileanna dúiseacht de phreib.

Tá an chuma air gur mhúscail duine éigin de dhroim tuarascála éigin a chruthaigh go raibh an ráta litearthachta i measc páistí agus daltaí scoile abhus tite go tubaisteach laistigh de chúpla bliain. Nuair a léigh mé an cur síos ar an gcuntas ar an trácht ar an tuairisc ar an tuarascáil, ba dhóbair dó geit chomh mór a bhaint asamsa agus an duine san Roinn Oideachais a léim as a leaba i lár na hoíche chun dul i mbun gnímh.

Dream a bhfuil PISA orthu a chaith an cúram le chéile, agus dream iad nach bhfuil aon bhaint acu leis an túr den ainm sin (níl siad chomh claonta sin), ná pizza a sheachadtar chun an tí. Programme for International Student Assessment an t-ainm fada atá orthu agus gabhann siad timpeall an domhain le miosúr agus le slat ag iarraidh an cam a dhéanamh díreach. Is de shuimiúlacht, gan amhras, a bhfuil d’fhocail Bhéarla ann sa bhéarlagair oideachasúil atá bunaithe ar ainmhithe, assessment féin, agus dogmatic, agus ratification, agus deduckshun, rud a dhéanann asail cheana féin de mhórán dá mbíonn á rá.

Is é fáth ar baineadh geit chomh mór sin asamsa ná nach bhféadfadh titim chomh suntasach sin a bheith ann go grod. Ar nós madraí na sráide féin bíonn a fhios ag formhór na múinteoirí cad tá ar siúl ina gcuid ranganna beag beann ar dhuine a theacht chucu le rialóir agus chun boscaí a thiceáil. Tá creideamh simplí saonta amuigh ansin a cheapann gur fearr a inseoidh páipéar agus ceistneoir an fhírinne duit seachas do dhá chluais agus do dhá shúil agus pé brachán atá laistigh ded bhlaosc. Ní cuimhin liom mórán múinteoirí ag éamh amach go fiata: “Cúig bliana ó shin bhí na páistí go léir in ann léamh, ach i mbliana, féach, níl ach dornán!” Ná níor chuala ach oiread go rabhthas ag magadh faoin bpáiste bocht sa chlós a raibh leabhar faoina ascaill aici.

Nuair a shéanann píosa taighde oideachais an chuid is fearr de chéadfaí is de chúilfhéith an duine, de ghnáth bíonn rud éigin bunoscionn leis. Cruthaíonn an taighde Éireannach is déanaí maidir le litearthacht de – taighde atá eolaíochtúil gan amhras, agus taighde atá bunaithe ar an modheolaíocht is cruinne dár cheap na saineolaithe is airde cáil, taighde nach bhféadfaí locht ná laige a fháil air maidir le cur chuige ná le cur i láthair ná le cur i bhfeidhm -cruthaíonn sé go bhfuil cumas litearthachta níos fearr ag na páistí a léann leabhair seachas iad siúd a chuala trácht tharstu!

Cruthaíonn siad, leis, go mbíonn an cumas léitheoireachta is oilte ag daltaí a bhfuil leabhair sa teach acu, nó a thaobhaíonn leabharlann go rialta! Anois, cad ina thaobh nár smaoinigh aon duine air sin? Táimse breá sásta mo chuid seirbhísí féin a chur ar fáil (ar chostas mór, gan amhras) a chruthaíonn go mbíonn sé fliuch nuair a thiteann báisteach, go mbíonn gannchúis airgid ag daoine bochta, gur Caitliceach is ea an Pápa agus go mbíodh éadaí dubha ag Mrs. Kennedy.

Ach, cad a dhein an státseirbhíseach a léim as an leaba ar chlos torthaí an taighde sin dó? Cad eile, ach plean, nó mar a deir siad anois, straitéis a cheapadh? Agus cad a bhíonn in aon phlean oideachais a léiríonn deacrachtaí foghlama? An réiteach is neamhdhócha a réiteoidh an fhadhb. Samhlaítear deacracht le saoránacht, agus féach!: íslítear stádas na staire. Samhlaítear deacracht le Gaeilge, aha!: múintear níos lú di ionas go bhfeabhsóidh an caighdeán. Samhlaítear deacracht le litearthacht, cad eile!: caitear breis ama le abc agus laghdaítear an t-am a chaitear le léitheoireacht.

Déantar fadhb theicniúil de fhadhb chultúir, agus moltar réiteach teicniúil ar ghnó atá neamhtheicniúil ó bhonn. Táthar ag moladh anois, mar a mholtar i gcónaí, níos mó ama a chaitheamh le meicníocht na léitheoireachta seachas le hábhar léitheoireachta sna scoileanna agus sna forais oideachais. Is é réiteach na litearthachta daoine a chur ag léamh.
Más cúrsa abc agus méar ar an bhfocal atá sa léitheoireacht feasta, scéal liom daoibh, ní athrófar giob. Is féidir scileanna léitheoireachta a mhúineadh agus a fhoghlaim go lá pilib gan chleite, ach ní léifear pioc mura gcuirtear ábhar suimiúil os comhair múinteoirí agus mic léinn agus daltaí.

The Irish Times – Alan Titley
20 Eanáir 2011