Méid an Téacs

Thar am aghaidh a thabhairt ar dhearcadh na ndaltaí ‘nach maith leo an Ghaeilge’

Eanáir 29, 2016

Ba chóir go mbeadh ‘labhairt na Gaeilge’ ina ábhar éigeantach do gach dalta bunscoile agus iarbhunscoile agus ba cheart ‘léann na Gaeilge’ a thabhairt isteach mar ábhar roghnach dóibh siúd atá ag iarraidh tuilleadh staidéir a dhéanamh ar an teanga ag an dara leibhéal.

Sin cuid de na moltaí atá déanta ag Príomhfheidhmeannach Ghréasán Príomhoidí Bunscoile na hÉireann (an IPPN), Seán Cottrell, in alt leis a foilsíodh ar maidin.

Thug Cottrell le fios gur léirigh suirbhé a dhein an IPPN le déanaí go raibh leath de bhaill na heagraíochta sin den tuairim nach raibh aon ‘straitéis shoiléir’ ann do theagasc na Gaeilge agus go mba ghá athrú “radacach” a dhéanamh ar churaclam na Gaeilge.

Ag scríobh dó san Irish Times, dúirt Cottrell go raibh an iomarca ‘foghlaim de ghlanmheabhair’ fós ar bun sa rang Gaeilge agus go raibh múinteoirí fós ag brath rómhór ar théacsleabhair.

Maíonn i bhfad an iomarca daltaí ‘nach maith leo an Ghaeilge’, agus ní foláir an cheist a chur cén fáth go bhfuil an dearcadh sin acu i dtaobh na teanga, a dúirt Cottrell.

Dar le Príomhfheidhmeannach an IPPN gurb é freagra na ceiste sin ná go múinfí scileanna cumarsáide agus comhrá do dhaltaí in áit a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a theagasc mar ábhar ‘acadúil’.

B’athrú chun feabhais a bhí i gcuraclam nua na mbunscoileanna, a dúirt sé, ach theastaigh cur chuige níos radacaí ná sin.

Dúirt Cottrell gur cheart féachaint chomh maith ar an tslí a chuirtear oiliúint i múineadh na Gaeilge ar ábhar oidí seachas a bheith ag fáil locht ar na múinteoirí féin.

Seán Tadhg Ó Gairbhí     www.tuairisc.ie