Méid an Téacs

Troidfidh mé ar son na n-eagraíochtaí atá bunaithe anseo sa Tuaisceart: Ní Chuilín

Deireadh Fómhair 18, 2012

Níl sé soiléir an bhfaca Aire Cultúir, Ealaíón agus Fóillíochta an Tuaiscirt aon mholtaí nua ó Fhoras na Gaeilge maidir le maoiniú na n-eagras Gaeilge, ach dúirt an tAire, Carál Ni Chuilín, i bhfreagra a thug sí sa Tionól Dé Máirt na seachtaine seo caite nach bhfaca sí moltaí ar bith. Gheall sí, áfach, go dtroidfeadh sí “100%” ar son na n-eagras atá bunaithe ó Thuaidh. Bhí sí ag tabhairt freagra ar cheist ó Dominic Ó Brolcháin (SDLP). Bhain sin le scéal ar an Irish Times, mar ar cuireadh síos ar mholtaí nua ón bhForas. Sa scéal, dúradh go mbeadh sé cinn de ‘cheanneagraíocht’ ann agus iad uilig lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bheadh siad ábalta eagrais eile a earcú mar fochonraitheoirí.

D’iarr an Brolchánach ar an Aire an mbeidh sí ábalta a dheimhniú nach rachadh na moltaí nua “chun dochair d’eagraíochtaí Gaeilge anseo sa Tuaisceart agus go seasfadh sí an fód do na heagraíochtaí sin?” Dúirt an tAire gur sa cheist a chead chuala sí faoin scéal ar an Irish Times. Ní fhaca sí moltaí ar bith ón bhForas go dtí seo. “Deimhním 100% go dtroidfidh mé ar son na n-eagras atá bunaithe anseo sa Tuaisceart,” ar sise. “In amanna, tá freastal ar riachtanais na n-eagras maoinithe mar chuid den fhreastal ar riachtanais na hearnála, nó ní thig leat freastal a dhéanamh gan acmhainn ar an talamh… Déanfaidh me cinnte go mbeidh na socruithe maoinithe iomlán ionadaíoch, go ndéanfaidh siad freastal ar achan duine ar an oileán, agus nach mbeidh siad claonta i dtreo dhream amháin, ar aimhleas agus díobháil daoine eile.”

Dé hAoine seo caite, chuir Gaelscéal ríómhphost chun na Roinne ag fiosrú an raibh moltaí ón bhForas feicthe ag an Aire faoi sin. Go mall tráthnóna Dé Luain, chuir urlabhraí freagra chugainn. Duirt sé gur cuireadh cás gnó chomh maith le moltaí fá choinne cuíchóiriú an bhunmhaoinithe chuig Státseirbhísígh sa dá roinn urraithe. (An Roinn Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta). “Tá feidhmeannaigh anois ag scrúdú na moltaí seo, an breithmheas eacnamaíochta agus fírinniú an rogha is dealraithí,” arsa an t-urlabhraí. Meastar go bpléifear na moltaí ag an gcéad chruinniú eile de Shruth Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas. Tá sin le bheith ann an 12ú lá de mhí na Nollag. Níos luaithe i mbliana, shocraigh an Foras gan dul ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe, ach is léir nach bhfuil deireadh le conspóid maidir le cursaí maoinithe.

www.gaelsceal.ie