Méid an Téacs

Múinteoir Ranga á earcú ag Gaelscoil an Chaisleáin

Iúil 25, 2017

 

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil an Chaisleáin, ag tosnú ar an 30ú lá de mhí Lúnasa 2017. Bunscoil lán-Ghaelach, ilchreidmheach, nua-bhunaithe í Gaelscoil an Chaisleáin. Ceapadh príomhoide i Mí an Mheithimh. Is é an Foras Pátrúnachta patrún na scoile.

Caithfear litir agus foirm iarratais a sheoladh chuig gsanchaisleain.iarratais@gmail.com faoin 9ú lá de mhí Lúnasa.

Tá an scoil le fás agus le forbairt go suntasach sna blianta atá romhainn amach. Tá ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa riachtanach don bhfolúntas seo. Glacfar le hiarratais i nGaeilge amháin. Is buntáiste é aon cheann de na buanna seo a bheith ag iarratasóirí: ceol, spórt, rince. Beidh sé ina bhuntáiste ag iarratasóirí chomh maith taithí mhúinteoireachta i ngaelscoil a bheith acu.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh;

https://www.educationposts.ie/post/view/89678