Méid an Téacs

Múinteoir Ranga á earcú ag Gaelscoil an Eiscir Riada

Lúnasa 10, 2017

gaelscoil_eiscir_riada200x200-1

 

 

 

 

 

 

Tá folúntas do mhúinteoir ranga ar fáil le Gaelscoil an Eiscir Riada. Post buan atá i gceist, ag tosú ar an 30ú lá de mhí Lúnasa.

Caithfear litir iarratais a sheoladh sa phost, maraon le cv, reifrenn (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Caithfear iarratais a sheoladh roimh an 23ú lá de mhí Lúnasa chuig;

Gaelscoil an Eiscir Riada,
Cluain Calga,
An Tulach Mhór,
Co. Úibh Fháilí

Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh; https://www.educationposts.ie/post/view/90888