Méid an Téacs

Neamhaird déanta ar dhaltaí le hard-chaighdeán sa siollabas nua Gaeilge

Márta 24, 2010

Is cúis mhór imní do GAELSCOILEANNA TEO. gur foilsíodh siollabas leasaithe Gaeilge don Ardteist an tseachtain seo caite a dhéanann neamh-aird ar dhaltaí ar ard-leibhéal Gaeilge. I ngeall ar laghdú suntasach a bheidh ag teacht ar an gcúrsa litríochta, agus méadú ar líon na marcanna a bhronnfar ar an mbéaltriail, beidh impleachtaí ollmhóra ann do chaighdeán Gaeilge na ndaltaí. Is é an toradh a bheidh ar na hathruithe seo ná nach mbeidh dúshlán feiliúnach ag daltaí sna Gaelcholáistí sa chúrsa Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste ná ag daltaí sna scoileanna trí mheán an Bhéarla a bhfuil ardchumas sa Ghaeilge acu. Tá ardchaighdeán Gaeilge sna Gaelcholáistí riachtanach chun go mbeidh daltaí in ann dul i ngleic leis na hábhair eile atá á nglacadh acu trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste. Gan an leibhéal Gaeilge cuí bheadh brú breise orthu tabhairt faoi na hábhair eile trí Bhéarla.

Tá GAELSCOILEANNA TEO. ag éileamh ar an Aire Coughlan a chinntiú go mbeidh ábhar iomlán breise ar fáil ag ardleibhéal na hArdteiste don Ghaeilge, ábhar a rachadh i ngleic leis na dúshláin sa scríbhneoireacht atá ann ag an leibhéal seo faoi láthair. Thabharfadh an t-ábhar seo deis do na daltaí a bhfuil leibhéal ard Gaeilge acu forbairt a dhéanamh ar a scileanna teanga agus tuiscint cheart a fháil ar oidhreacht liteartha na Gaeilge. Sa siollabas Béarla leagtar an-bhéim ar chúrsaí litríochta, rud a chuireann go mór le saibhreas cultúrtha agus forbairt scileanna an dalta. Leis an laghdú seo ar litríocht na Gaeilge, ardaítear an cheist faoi luach na teanga i gcomórtas leis an mór-theanga, Béarla.

Anuas ar an laghdú suntasach seo ar an gcúrsa litríochta tá slad iomlán déanta ar an gcúrsa ‘stair na Gaeilge’. Cé go mbeidh marcanna breise ag dul don bhéaltriail ní léir go fóill cé mhéid de dhúshlán breise a bheidh ann do dhaltaí a bhfuil leibhéal maith Gaeilge acu cheana féin. Ní léir ach an oiread cén chóras measúnachta a bheidh ann don bhéaltriail nua.

Ag labhairt faoin gcás dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. “Is ábhar an-mhór mhíshástachta é eisiúint an chiorcláin seo a fhógraíonn athraithe an-mhór sa chúrsa ardteiste don Ghaeilge i ngeall ar an easpa comhairliúcháin a rinneadh le páirtnéirí agus le scoileanna agus an easpa fógra do scoileanna ina leith le cur ar a gcumas an t-ullmhúchán cuí a dhéanamh. Beidh impleachtaí an- mhór ann do scoileanna agus tá an baol ann nach n-éireoidh leis na daltaí caighdeán ard Gaeilge san Ardteist a bhaint amach mar atá á dhéanamh faoi láthair. An toradh a bheidh ar sin ná nach mbeidh dóthain daoine le Gaeilge mhaith ann le tabhairt faoin saol oibre ina mbeadh Gaeilge de dhíth orthu dó, mar shampla, don mhúinteoireacht. Mura dtugtar dúshláin a dhóthain sa teanga ní fhásfaidh sí amach anseo ó thaobh na litríochta, na hiriseoireachta agus eile. Tubaiste a bheadh ann do na coláistí oiliúna agus do thodhchaí na Gaeilge.”

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 169 gaelscoil agus 38 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.