Méid an Téacs

Oícheannta Eolais Fóras na Gaeilge

Feabhra 8, 2017

 Foras_na_Gaeilge_Logo_2_5_Mor_Bosca_Ban_th

Beidh oícheannta eolais á eagrú ag Fóras na Gaeilge leis na scéimeanna maoinithe atá ar fáil ón gcomhlacht don Ghaeilge a chur chun cinn. Ar an oíche roinnfidh ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge eolas faoi obair na heagraíochta, a scéimeanna maoinithe agus na tacaíochtaí atá ar fáil. Beidh deis ag an bpobal aiseolas a thabhairt maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar, mar aon le deis ceisteanna a chur. 

 Ag labhairt dó inniu dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá ceantair áirithe Thuaidh agus Theas aitheanta againn óna raibh líon na n-iarratas ar ár scéimeanna maoinithe éagsúla measartha íseal le blianta beaga anuas. Tá súil againn teagmháil a dhéanamh le pobail áitiúla sna seisiúin seo agus feasacht a ardú faoi na deiseanna maoinithe atá ar fáil dóibh. Cuirimid ar fáil raon leathan scéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ina ndíol spéise go háitiúil ar leibhéil éagsúla agus mholaimis go láidir do dhaoine ar spéis leo an Ghaeilge a bheith i láthair.”

I measc scéimeanna 2017 a lainseáladh le deireanas tá Scéim na nImeachtaí Óige agus Scéim na gCampaí Samhraidh. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil freisin i réimsí an ghnó, na n-ealaíon, na meán agus na foilsitheoireachta. Téigh go suíomh corparáideach Fhoras na Gaeilge ag http://www.forasnagaeilge.ie le haghaidh liosta iomlán de na scéimeanna atá ar fáil.

Cuirfidh Foras na Gaeilge na seisiúin seo a leanas i láthair le linn na seachtainí seo romhainn:

Dáta Baile Ionad Am

Dé Máirt, 7 Feabhra Ros Comáin Hannon’s Hotel 19:30

Dé Céadaoin, 8 Feabhra An Muileann gCearr Áras an Mhuilinn 20:00

Déardaoin, 9 Feabhra An Cabhán Cavan Crystal Hotel 19:30

Dé Máirt, 14 Feabhra Tulach Mhór The Bridge House Hotel 19:30

Dé Céadaoin, 15 Feabhra Longfort Longford Arms Hotel 19:30

Déardaoin, 16 Feabhra Luimneach Maldron Hotel 19:30

Dé Máirt, 21 Feabhra Cill Chainnigh Springhill Court Hotel 19:30

Dé Céadaoin, 22 Feabhra Bré Royal Hotel 19:30

Déardaoin, 23 Feabhra Dún Dealgan Oriel Centre – Dundalk Gaol 19:30

Dé Céadaoin, 1 Márta Port Laoise Maldron Hotel 19:30

Déardaoin, 2 Márta Inis Ceithleann Enniskillen Hotel 19:30