Méid an Téacs

Scéim na gCúntóirí Teanga

Meán Fómhair 15, 2017

Fáiltíonn Gaeloideachas roimh fhógra an Aire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar Scéim na gCúntóirí Teanga go gairid agus roimh an deontas atá fógraithe as an scéim a reachtáil don scoilbhliain seo.

Dúirt Uachtarán Feidhmeach Gaeloideachas, Anna Ní Chartúir, ‘Tá díoma agus míshástacht ar scoileanna nach raibh cúntóirí teanga ag obair sna scoileanna ag tús na scoilbhliana nuair is mó atá gá ag gasúir le tacaíocht agus iad díreach tosaithe ar scoil, cuid acu ar bheagán nó gan aon Ghaeilge. Tá iontas ar scoileanna nár tharla sé seo agus an Polasaí Oideachais Gaeltachta fógraithe ón bhFómhar seo caite. Ba é seo ceann de na príomhéilimh a bhí ag scoileanna na Gaeltachta le linn plé ar an bPolasaí Oideachais Gaeltachta. Beidh éilimh breise ar scéim na gCúntóirí Teanga i mbliana mar go bhfuil scoileanna na Gaeltachta gnóthach leis an bPolasaí Oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm agus tá súil ag Gaeloideachas nach mbeidh aon scoil fágtha ar lár ó thaobh tacaíochta de.”

Tá súil ag Gaeloideachas go gcuirfear an t-abhreithniú i gcrích gan mhoill.