Méid an Téacs

10,000 ag bailiú i gCeatharlach um Cháisc don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2013

Márta 8, 2013

Tá Ceatharlach ag ullmhú d’ionradh na gCeilteach i rith saoire na Cásca nuair a bhaileoidh suas le 10,000 duine ann don 42ú Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach agus ceann de mhór imeachtaí ‘Tóstal’ nab liana sa bhaile.
Is ócaid faoi leith í an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a mhaireann thar sé lá ó 2-7 Aibreán ag ceiliúradh chultúr Ceilteach na dtíortha atá rannpháirteach san fhéile idir Éire, An Bhreatain Bheag, Albain, An Bhriotáin, An Choirn agus Oileán Mhanainn
Tugann an féile idirnáisiúnta deis do na Ceiltigh teacht le chéile chun taitneamh a bhaint as comhluadar agus cuideachta a chéile . Ar chlár na féile bíonn imeachtaí agus fo-imeachtaí idir chomórtais agus ócáidí do cheoltóirí, amhránaithe,cumadóirí, rinceoirí, cóir, filí agus scéalaithe agus a lucht leanúna ó na naisiúin éagsúla.
Tá Bride de Róiste, duine de lucht eagraithe na féile, ag tnúth go mór le sé lá na féile agus dar léi tá sceitimíní ar an pobal áitiúil cheana féin agus an baile ag faire amach do bhailiú na gCeilteach cois Bearbha don dara bliain as a chéile.” Is bliain an-speisialta í seo agus tá sé de phribhléid againn óstáil a dhéanamh ar cheann de phríomh imeachtaí an ‘Tóstal’ i gCeatharlach
“Tá clár spleodrach eagraithe againn don fhéile agus i measc na mbuaicphointí beidh scéalaíocht agus malartú scéalta, ceolchoirmeacha, leabhair le seoladh, amhránaíocht traidisiúnta agus cóir chomh maith le comórtais píobaireachta agus drumadóireachta, cruit agus fidil agus rince idir-chilteach in iliomad ionaid ar fud an bhaile”
Ceann de mhórimeachtaí na féile ná an Comórtas Amhránaíochta Idirnáisiúnta ar an Déardaoin, 4 Aibreán. In iomaíocht beidh amhrán ag gach ceann de na sé thír, amhrán nua-chumtha agus i dteanga na tíre. Ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann beidh an t-amhránaí Seoirse Ó Dochartaigh as Tír Chonaill agus é ag casadh Le Do Thaobh cumtha ag Áine Durkin as Conamara. Is amhrán corraitheach, mothaitheach é a chum Áine in omós dá deirfiúr.
Beidh an baile go léir agus an pobal uile páirteach san fhéile le siamsaíocht ar na sráideanna chuile lá idir damhsa ceilteach, céilí faoin aer, comórtais buscála agus mórshiúl na féile. Agus beidh deis ag gach éinne rith, siúl ná jogáil an Míle Pan Cheilteach!
Déanfaidh 80 sár cheoltóirí traidisiúnta ó cheann ceann na tíre a slí go Ceatharlach chun ceol a sholáthar ag 40 seisiún in dosaen teach tábhairne ar fud an bhaile mar chuid de Trad Trail na féile. Beidh gach deis foghlamtha i rith an ama ann freisin agus idir ceardlanna i ngach uirlis thraidisiúnta chomh maith le ranganna sa rince Sean-Nós , Céilí agus Damhsa na mBriotánach. Cuirfear ranganna ins na teangacha ceilteacha ar siúl freisin le Gaidhlig na hAlban, Manannais, Coirneais agus Gaeilge ar an mbiachlár.
I measc na ngrúpaí a chuirfidh ceolchoirmeacha agus taispeántais ollmhór i láthair ag an bhFéile Pan Cheilteach i mbliana luaitear Banna na nGardaí, RTÉ Cór na nÓg & ASPIRO, Píobaírí an Bhanna Thursa ó Caithness na hAlban, Pervish, The Great Trad Train agus CCÉ ARDS chomh maith le comhléiriú na 3 Cheolfhoireann. Beidh na celebs Daithí Ó Sé agus Kathryn i láthair chun chomhsheoladh a dhéanamh ar leagain Gaeilge agus Béarla an leabhair Lucinda Sly. Tuairiscítear go mbeidh udár an leabhair Maidhc Dainín Ó Sé (athair Dhaithí) agus an t-aistritheoir Gabriel Fitzmaurice ann freisin chun sleachta a léamh go poiblí.
Déanfaidh tír éagsúil Club na Féile a óstáil ins an Ostán Seven Oaks gach oíche i rith na féile chun blas agus saibhreas a gcultúir féin a cheiliúradh agus a roinnt leis an bpobal. Is féile pobail agus féile teaghlaigh í an Fhéile Pan Cheilteach le clár lán d’imeachtaí agus gníomhaíochtaí a choiméadfaidh idir óg agus fásta gnóthach agus sásta. Mairfidh an margadh faoin aer Blas Cheilteach Cheatharlach ar feadh dhá lá. É sin uile agus tuilleadh….is fiú dul suas go Ceatharlach do ‘Thóstal na gCeilteach’ an Cháisc seo.

Gach eolas ar www.panceltic.ie