Méid an Téacs

Agóid ‘Slán le Seán’ ar an Domhnach

Feabhra 19, 2014

Tá máirseáil agóide eagraithe i gConamara faoin téama ‘Slán le Seán’ ar an Domhnach seo chugainn, 23 Feabhra 2014, an lá deireanach do Sheán Ó Cuirreáin ina phost mar Choimisinéar Teanga. Tá deich mbliain caite aige ag tathaint ar an státchóras cloí leis an reachtaíocht maidir le seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge. Sa deireadh d’éirigh sé as oifig de bharr frustrachas leis an easpa dul chun cinn. Ag fógairt go raibh sé le éirí as an bpost, dúirt sé gurb é an rogha a bhí aige ná ‘seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill.’

Tá lucht eagraithe na hagóide ag iarraidh ar dhaoine bailiú le chéile ag 2i.n taobh amuigh de Oifig an Choimisinéara sa Sídheán, An Spidéal i gCo. na Gaillimhe agus is siúlóid tuairim is sé ciliméadar atá i gceist.

Ar an Domhnach tabharfar litir ar lámh do Sheán Ó Cuirreáin, ag gabháil buíochais leis faoina chuid oibre le deich mbliain anuas. Tá sé i gceist ansin ag an lucht agóide siúl soir chomh fada le oifigí Roinn na Gaeltachta, áit a mbeidh litir á shíneadh isteach don Aire Stáit, Dinny Mc Ginley,ag cur míshástachta pobal na Gaeltachta is na Gaeilge in iúl dhó agus ag iarraidh air féin agus ar an rialtas, deireadh a chur leis an gcur i gcéill agus díriú ar na bacanna atá ag an státchóras freastal mar ba cheart ar lucht labhartha na Gaeilge, sa Ghaeltacht ina dteanga féin. Tá sé i gceist ina dhiaidh sin filleadh ar Tigh Phádhraicín in aice láimhe le haghaidh sólaistí agus seisiún amhránaíochta is ceoil.

Is féidir níos mó eolais a fháil faoin máirseáil ar an Domhnach trí glaoch ar (091) 593185 nó (086) 4048881.

Foilsithe ar Gaelport.com