Am cláraithe scoile linn arís ó thuaidh
Feabhra 3, 2011
Is am tábhachtach don ghaelscolaíocht ó thuaidh é an t-Earrach, Mí Eanáir, ach go háirithe, nó is sa mhí seo a roghnaíonn tuismitheoirí scoil dá bpáistí. Beidh, dár ndóigh, gach naíscoil, bunscoil agus meánscoil in earnáil na gaelscolaíochta ó thuaidh ag cinntiú go bhfuil dóthain eolais curtha ar fáil, dóthain poiblíochta déanta agus dóthain oícheanta eolais eagraithe do thuismitheoirí a bhfuil páistí ag aois scolaíochta acu. Beidh gach gaelscoil ag amharc ar na luachanna atá acu agus ar na rudaí is féidir leo a chur ar fáil nach féidir le scoileanna eile, nach gaelscoileanna iad, a sholáthar agus is iomaí rud sin.
Agus tuismitheoirí ag smaoineamh ar scolaíocht dá bpáistí, cuirfear an cheist cad é atá ag gaelscoil do mo pháiste nach bhfuil ag scoileanna eile? Is fiú mar sin seo a leanas a mheabhrú do thuismitheoirí:
Léiríonn taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta go mbíonn ardchumas labhartha, tuisceana, scríofa agus léimh sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag daltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge. Is fíor fosta go mbíonn an leibhéal céanna Béarla nó leibhéal níos fearr ag daltaí gaelscolaíochta agus a fhaightear i scoileanna Béarla. Is amhlaoidh seo nó cothaíonn an córas gaeloideachais forbairt i bhfoghlaim an Bhéarla.
Cothaíonn an dátheangachas, rud a bheas ag gach dalta gaelscoile:
- deiseanna fostaíochta níos fearr;
- meas agus tuiscint níos fearr ar chultúir, ar thraidisiúin agus ar theangacha eile;
- próiseas níos fearr samhlaíochta agus cruthaitheachta sa dalta;
- scileanna níos fearr i réiteach faidhbe
- cumais níos fearr cumarsáide;
- níos mó féinmhuiníne;
- stórfhocal níos saibhre;
Is fiú a thabhairt le fios do thuismitheoirí nach gá dóibh Gaeilge a bheith acu lena bpáistí a chlárú le gaelscoil agus nach aon mhíbhuntaiste é seo don pháiste. . Is tábhachtach le rá fosta go bhfuil gaelscoil níos congaraí dóibh ná ariamh agus tá eolas ar fáil ag www.comhairle.org faoi gach scoil;
Tá 45 naíscoil, 34 bunscoil agus 3 meánscoil ar fud na 6 Chontae. Ní amháin go bhfuil teacht fhurasta ar an ghaelscolaíocht do thuismitheoirí sna contaetha thuas ach tá teacht ar an ghaelscolaíocht i gCo. Lú, Co. Mhuineacháin, Co. an Chabháin agus Co. Dhún na nGall do thuismitheoirí atá buailte leis an teorainn. Dár ndóigh tá rogha sin na gaelscolaíochta sna 6 chontae ag tuismitheoirí a bhfuil cónaí orthu sa taobh ó dheas den teorainn.
Tá earnáil na gaelscolaíochta ag dul i neart ó thuaidh, rud a léiríonn éileamh don ghaelscolaíocht agus rud atá mar fhianaise ar an ardchaighdeán oideachais atá ar fáil sna gaelscoileanna.
Fáiltíonn Comhairle na Gaelscolaíochta agus GAELSCOILEANNA TEO. roimh fhiosruithe ó mhúinteoirí agus ó thuismitheoirí.