Méid an Téacs

An Ghaeilge Leictreach

Lúnasa 13, 2012

Tarlaíonn sé gach bliain, lárionad an cheoil agus na nuálaíochta, féile chultúir do gach aois – céard eile ach ‘Electric Picnic’ agus é ag treisiú agus ag bláthú ó bunaíodh é i 2004.

Tá clú agus cáil bainte amach ag an bhféile álainn seo agus í ar comhchéim le féilte móra ceoil ar nós Bestival, Glastonbury agus Exit ó thaobh an cheoil de ach is iad na rudaí beaga iontacha a dhéanann idirdhealú idir Electic Picnic agus gach féile eile ar domhan. I mbliana beidh sí ar siúl ó 31 Lúnasa agus 2 Meán Fomhair.

Cuireann an fhéile seo réimse ollmhór siamsaíochta ar siúl do na mílte cuairteoirí gach bliain idir taispeántais ciorcas, drámaíochta agus grinn, ceol réabh sa choill, ceardlanna potaireachta agus pubaill mhachnaimh agus iad ar fad scaipthe idir na rannóga agus na pubaill éagsúla – ‘Corp agus Anam’ agus ‘Stáitse an Salty Dog’ san áireamh.

Le blianta beaga anuas leagadh béim ar an nGaeilge le linn na féile. Laistigh den rannóg ‘Mindfield’ a fheicfear ceol, damhsa, drámaíocht, scannánaíocht,  filíocht, greann agus rap trí Ghaeilge agus beidh an rud céanna ag tarlú arís i mbliana.

Is iad Rossa Ó Snodaigh agus Dónal Ó Donnabháin eagraithe na n-imeachtaí Gaeilge agus tá neart beartaithe acu don bhliain seo cheana féin. Le linn an deireadh seachtaine beidh na himeachtaí a leanas le feiceáil sa Phuball ‘Spoken Word’:

  • GAA Karoke: Aonghus Ó hEochaidh agus déanamh tráchtaireachta beo ar an gcluiche Leath Cheannais Peile.
  • Diospóireacht Gaelscéal
  • Seo Puipéid
  • Lúibíní agus Amhránaíocht ar an sean-nós le Mairéad Ní Fhlatharta, Nell Ní Chróinín agus níos mó.
  • Amhránaíocht agus ceol beo le Tara Ní Mhaonaigh & Seanán Ó Braonáin, Macara Ó Conghaile, Rónán Ó Snodaigh, Peadar Ó Goill, Eoin Ó Conghaile agus na Dirty Nines.
  • Scannáin: Taispeánfar dhá ghearrscannáin le Tomás Ó Súilleabháin  agus déanfar athghuthú ar tháir-scannán
  • Drámaíocht le Fíbín, Manchán Mangan, Aisteorií Bulfin
  • Filíocht le Gearóid Mac Lochlainn, Caoimhín Mac Giolla Cathain is Dairena Ní  Chinnéide, Sorcha Fox, Seán Rua Ó Súilleabháin, Louis De Paor & Rónán Browne
  • Cabaret Craiceáilte le Rónán Mac Aodh Bhuí
  • Sexy Sean-nós: Ceardlann damhsa ar an sean-nós le ‘cur chuige’ éagsúil.

Má tá tú ag teacht chun na Picnice i mbliana, déan cinnte buaileadh isteach go dtí an Rannóg Mindfield le haghaidh neart ceol agus craic trí Ghaeilge!