Méid an Téacs

An tAire Quinn ag lorg tuairimí ar an gcaoi is fearr le teicneolaíocht a úsáid sa seomra ranga

Nollaig 3, 2013

Céim chomhairliúcháin poiblí seolta maidir le Straitéis Dhigiteach nua do Scoileanna
Táthar ag iarraidh ar thuismitheoirí, múinteoirí, daltaí, lucht tionscail agus lucht acadúil a gcuid tuairimí a thabhairt ar an gcaoi is fearr le ríomhairí agus teicneolaíocht a úsáid sa seomra ranga.
Sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D. an chéim chomhairliúcháin poiblí den obair ar Straitéis Dhigiteach nua do Scoileanna inniu.
Tacóidh an chéim chomhairliúcháin poiblí le forbairt na straitéise nua maidir le húsáid TFC i dteagasc agus i bhfoghlaim i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna. Leanann sé sin as suirbhé cuimsitheach ar-líne ar phríomhoidí agus múinteoirí a rinneadh níos luaithe sa bhliain. Beidh na torthaí ón suirbhé, ón bpróiseas comhairliúcháin poiblí agus ó ghrúpaí fócais a bheidh ar siúl an bhliain seo chugainn ar fad le chéile mar fhaisnéis ag an straitéis nua.
Dúirt an tAire Quinn, “Tá poitéinseal ollmhór ag baint le teicneolaíocht a úsáid sa seomra ranga – ach ní mór dúinn ceisteanna tábhachtacha beartais a chur orainn féin, mar shampla cad é an tairbhe iarbhír a bheadh mar thoradh ar theicneolaíocht a úsáid i scoileanna agus conas a ndéanfaimid dul chun cinn a thomhas? Conas is féidir linn TFC a neadú tuilleadh gan stró ar fud gach curaclam?”
“Sa chéim chomhairliúcháin seo, tá spéis ar leith againn cloisteáil ó scoileanna, tuismitheoirí, lucht tionscail agus lucht acadúil ar conas teicneolaíocht a úsáid i ndáiríre chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú inár seomraí ranga – ach ag coimeád chun cuimhne an timpeallacht airgeadais dhúshlánach atá amach roimh go leor teaghlach agus scoileanna.”
“Tá roinnt samplaí iontacha againn cheana féin de scoileanna atá ag úsáid na teicneolaíochta le bheith nuálach sa seomra ranga. Is é an dúshlán atá romhainn anois ná a chinntiú go bhfuil na deiseanna céanna ag gach leanbh i ngach scoil idirghníomhú le teicneolaíocht ar fud gach gné den churaclam,” a dúirt sé.
Gné lárnach chun tacú le húsáid na teicneolaíochta is ea leathanbhanda sa scoileanna. Áirítear air sin leathanbhanda 100 Mbps a thabhairt isteach i ngach iar-bhunscoil agus infheistíocht i leathanbhanda do bhunscoileanna chun feabhsuithe leanúnacha i naisc a bhíonn ar fáil do scoileanna a chinntiú.
Tabharfar an Straitéis Dhigiteach nua do Scoileanna chun críche le linn 2014, agus leagfar amach conas is féidir tús áite a thabhairt d’acmhainní, beartais agus tionscadail, agus conas iad a eagrú ar fud an chórais scoile do na cúig bliana amach romhainn.
Ag seoladh an chomhairliúcháin phoiblí, labhair príomhoidí ar an taithí atá acu TFC a úsáid ina gcuid scoileanna. Rinne an Dr. Deirdre Butler as Coláiste Phádraig, Droim Conrach, cur síos ar phoitéinseal na TFC chun tacú le teagasc agus foghlaim i scoileanna, ag cur athruithe ar an gcuraclam le déanaí agus an taithí idirnáisiúnta san áireamh. Éisteadh le tuairimí na ndaltaí chomh maith.

An 31 Eanáir 2014 an dáta deiridh le haighneachtaí a fháil. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh trí Straitéis Dhigiteach Do Scoileanna