Méid an Téacs

Bainisteoir Nua Tionscadail Trasphobail Ceaptha ag Comhairle na Gaelscolaíochta

Márta 27, 2012

Ceapadh María Ní Bhuadáin ar na mallaibh mar bhainisteoir ar an tionscadal Le Chéile Trí Chultúr (urraithe ag an Chiste Idirnaisiúnta d’Éirinn-CIÉ). Is as Coillidh Chlochair, taobh amuigh den Ómaigh i gContae Thír Eoghain.

Bhain sí comhchéim sa Ghaeilge agus sa Spáinnis amach in Ollscoil na Banríona sa bhliain 2005. Phill sí ar an Ollscoil an bhliain dár gcionn agus bhain sí PGCE amach sna Nuatheangacha. Bhain sí MA san Aistriúchán amach sa bhliain 2010.

Sular thosaigh sí ag obair le Comhairle na Gaelscolaíochta, chaith sí trí bliana ag obair leis an Chlár Teangacha Bunscoile (Regional Primary Languages Programme) agus roimhe sin arís, theagasc sí i gColáiste Feirste.  Is mór an gar Maria bheith againn!

Le Chéile Trí Chultúr-Together Through Culture

Féachann Le Chéile Trí Chultúr (LCTC) – a rinne Comhairle na Gaelscolaíochta a fhorbairt – féachann sé le hathmhuintearas, comhthuiscint agus comhroinnt idir Aontachtaithe agus Náisiúnaithe a chur chun cinn trí dhaltaí scoile ón dá thraidisiún a thabhairt i gceann a chéile leis an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a fhoghlaim agus a phlé.

Féachfaidh LCTC le bacainní idir an dá phobal i dtaca le teanga, cultúr agus oidhreacht a leagan tríd eolas, tuiscint agus feasacht ar an Ghaeilge a mhéadú, trína léiriú go mbaineann an Ghaeilge le gach duine a chónaíonn ar oileán na hÉireann, trí thagairtí do logainmneacha, sloinnte, ceol agus trí roinnt bunfhocal agus bunabairtí Gaeilge a theagasc.

Scrúdóidh LCTC gach gné de cheist na teanga i dTuaisceart Éireann, le clár cuimsitheach a thabharfaidh deis do dhaoine bheith ag plé leis an Ghaeilge ar bhealach neodrach pléisiúrtha.  Ní cúrsa teanga atá i gceist, ach cúrsa saibhrithe sa léann Gaelach, bíodh is go mbeidh mír ann, ar ndóigh, a bhainfidh le foghlaim na teanga.

Is í bunsprioc LCTC an mistéir, an drochamhras agus an pholaitíocht a ghabhann leis an Ghaeilge a chealú trí dhaltaí a chur ar an eolas gur cuid dá n-oidhreacht í an teanga agus gur rud í a úsáideann siad – gan fhios dóibh féin, b’fhéidir – ina ngnáthshaol laethúil.

Beidh LCTC ag plé le gach earnáil oideachasúil, trí chomhpháirtíochtaí a chruthú agus naisc a chothú le cineálacha éagsúla scoileanna.  Ina measc seo beidh scoileanna lán-Ghaeilge, scoileanna rialaithe agus imeasctha ag leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile araon agus le scoileanna CSCC ag leibhéal iar-bhunscoile go príomha.

Féachfaidh LCTC lena chinntiú go méadófar na deiseanna oideachasúla a bheidh ag rannpháirtithe agus go dtiomsóidh siad chucu féin eolas, scileanna agus taithí a chuirfidh lena gcumas mar indibhidigh agus mar rannpháirtithe gníomhacha sa tsochaí.

Is féidir le LCTC oibriú ag leibhéil éagsúla a bheadh oiriúnach do scoileanna agus d’fhéadfaí é a dhéanamh mar chuid den Domhan Thart Orainn nó den léann Saorántachta nó é a fhorbairt mar shnáithe i gcláir roghnacha na scoile féin.