Méid an Téacs

BunGhaeilge do Thuismitheoirí

Lúnasa 19, 2011

Sheol Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) leagan nua den leabhrán BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí, Dé Máirt, 16 Lúnasa 2011. Bhí Mia Cooper, ceannaire Ceolfhoireann Cheolchoirme RTÉ, agus Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Ghaelscoileanna Teo., i láthair ag an ócáid in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9.

Is athchló agus uasdátú ar an leabhar frásaí BunGhaeilge do Thuismitheoirí atá san fhoilseachán seo. Tá an leabhrán roinnte i gcaibidlí le téamaí éagsúla, mar shampla ‘Ar maidin’, ‘An Naíonra’, ‘Sa siopa’, ‘Sa ghairdín’. Mar is léir ón teideal, bun-Ghaeilge atá sa leabhrán agus é dírithe ar theaghlaigh gur mian leo cúpla focal a úsáid agus gnásanna agus gníomhaíochtaí an lae ar siúl acu.

Tá CD leis an leabhrán, mar chabhair le foghraíocht, agus cloistear gach frása atá sa leabhrán ar an CD. Tá ceithre leagan den CD ar fáil, ceann do gach canúint (Connacht, Mumhan, Uladh agus canúint chaighdeánach). Beidh BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí ar díol ar €10 ó FNT agus ó shiopaí leabhar ar fud na tíre.

Dar le Clíona Frost, Príomhoifigeach FNT ‘Is í aidhm an leabhair seo ná Gaeilge nádúrtha a úsáidtear le linn gnáth-ghnásanna laethúla sa bhaile, a sholáthar. Tosaigh le gníomhaíochtaí nó gnásanna ar leith a roghnú, agus bain úsáid as focail agus frásaí Gaeilge mar chuid de na gníomhaíochtaí seo.’

Creideann Máire Uí Bhriain, Cathaoirleach FNT ‘Is aoibhinn le páistí a bheith ag spraoi le smaointe agus focail nua. Cuirfidh úsáid an leabhair seo leis an spraoi agus an taitneamh a bhaineann páistí as teanga nua a shealbhú.’
Tá raon leathan áiseanna Gaeilge eile ar fáil ó Fhorbairt Naíonraí Teoranta. Tuilleadh eolais ar na háiseanna seo ar

www.naionrai.ie.

Nóta don Eagarthóir:
Is cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta, a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh. Cuireann Forbairt Naíonraí Teoranta tacaíocht ar fáil chun na seirbhísí trí Ghaeilge seo thíos a bhunú, a bhuanú agus a riaradh: naíolanna, naíonraí, seirbhísí aois scoile, campaí samhraidh, agus grúpaí tuismitheoirí/caomhnóirí agus leanaí. Tuilleadh eolais ar fáil ó www.naionrai.ie.
Faigheann Forbairt Naíonraí Teoranta maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.