Méid an Téacs

Caint, comhrá agus comhluadar i ranganna Ghaelchultúir an t-earrach seo

Eanáir 30, 2014

Cuirfidh Gaelchultúr (www.gaelchultur.com) tús leis an gcéad chúrsa eile teanga do dhaoine fásta an tseachtain dar tosach 3 Feabhra in ionad na cuideachta ag 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, agus i mbaile Cheatharlach freisin. Beidh ranganna ar fáil ag suas le sé leibhéal éagsúla: bunrang 1, bunrang 2, meánrang 1, meánrang 2, ardrang 1 agus cruinneas 1. Is cuma, mar sin, cé acu atá duine ag filleadh ar an teanga i ndiaidh dó bheith as cleachtadh le blianta fada, á foghlaim den chéad uair nó go díreach ag iarraidh barr feabhais a chur ar a chuid gramadaí, tá cúrsa ag Gaelchultúr dó.

Déanfaidh na rannpháirtithe freastal ar rang dhá uair an chloig (7–9pm) oíche amháin sa tseachtain ar feadh deich seachtaine. €200 an táille atá i gceist. Beidh imeacht saor in aisce, Blaiseadh den Ghaeilge, á reáchtáil ag Gaelchultúr ina cheanncheathrú ar Shráid an Chláraigh, Dé Sathairn, 1 Feabhra. Beidh deis ag an bpobal bualadh isteach chuig ionad na cuideachta ar an uair nó ar an leathuair idir 2.00pm agus 4.30pm, eolas a fháil faoi chúrsa an earraigh agus rang samplach a thriail chun blaiseadh a fháil den stíl mhúinteoireachta. Déanfar a gcumas sa Ghaeilge a mheas agus beidh siad in ann clárú do chúrsa an earraigh freisin, más mian leo, ach ní bheidh sé seo riachtanach.

Beidh deis acusan nach mbeidh ar fáil le freastal ar an ócáid thuasluaite tabhairt faoi mheasúnú in ionad Ghaelchultúir ar an 28, 29 nó 30 Eanáir. Má bhuaileann siad isteach am ar bith idir 5pm agus 7pm, déanfaidh duine de mhúinteoirí na cuideachta a gcuid Gaeilge a mheas agus déarfar leo cén rang ab fhearr a d’fheilfeadh dóibh. Beidh an measúnú seo saor in aisce, ní thógfaidh sé ach timpeall fiche nóiméad agus ní gá é a chur in áirithe roimh ré. “Tagann daoine isteach chugainn go minic agus muinín caillte acu ó thaobh na Gaeilge de,” a deir Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, “ach braitheann siad ar a suaimhneas láithreach mar gheall ar an chur chuige múinteoireachta a úsáidimid sna ranganna oíche . Cuirimid an bhéim ar an teanga labhartha agus ar chleachtaí idirghníomhacha, agus taitníonn an cur chuige sin leis na foghlaimeoirí.”

Tá eolas breise le fáil faoi na ranganna teanga, agus faoi imeachtaí eile Ghaelchultúir, ach glaoch ar (01) 484 5220 nó scríobh chuig eolas@gaelchultur.com. Is féidir cuairt a thabhairt ar www.gaelchultur.com chomh maith agus an bróisiúr do chúrsa an earraigh a íoslódáil. Tá Riarthóir Acadúil Ghaelchultúir, Róisín Ní Mhaolchallann, ar fáil le hagallaimh a dhéanamh leis na meáin. Sonraí teagmhála: (01) 484 5224; roisin@gaelchultur.com

Foilsithe ar Gaelport.com