Méid an Téacs

Cath na mBannaí ar Raidió Rí-Rá

Feabhra 24, 2011

Is é Raidió Rí-Rá an t-aon chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus tá ceoltóirí óga Gaeilge á lorg acu dá chomórtas CATH NA mBANNAÍ arís i mbliana.

Tá Raidió Rí-Rá ag lorg na bannaí is fearr le liricí Gaeilge (nó i mBéarla agus i nGaeilge) chun iad a chur ar aerthonnta timpeall na tíre arís le linn mhí an Mhárta 2011 mar chuid den chomórtas CATH NA mBANNAÍ 2011.
 
D’éirigh go hiontach leis an gcomórtas a d’eagraigh Raidió Rí-Rá  le linn mhí an Mhárta 2010, fad agus a bhí an cairtstáisiún ag craoladh beo ar an gcóras FM i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach anuraidh. Bhain seacht mbanna éagsúil áit amach ar ghearrliosta CATH NA mBANNAÍ 2010, áit go raibh deis ag gach banna a gcuid ceoil a chasadh ar an aer, labhairt le láithreoirí, agus alt fúthu féin a chur ar shuíomh Raidió Rí-Rá ar www.rrr.ie.
 
Seinneadh amhrán na seacht mbannaí ar Raidió Rí-Rá ar feadh mhí an Mhárta 2010 sular chaith éisteoirí vóta ar son an bhanna ab fhearr leo. Fógraíodh an banna Mo Hat Mo Gheansaí lena n-amhrán Ní Tú Mo Ghrá ina mbuaiteoirí ar an gcomórtas CATH NA mBANNAÍ ar Lá Fhéile Phádraig 2010 agus mar dhuais ar an gcomórtas, beidh amhrán Mo Hat Mo Gheansaí le cloisteáil ar albam ceoil Raidió Rí-Rá 2011 i dteannta leithéidí The Coronas, The Rubberbandits agus eile an mhí seo chugainn.
 
Beidh deis ag buaiteoir chomórtas CATH NA mBANNAÍ 2011 amhrán a chasadh ar albam ceoil Raidió Rí-Rá an bhliain seo chugainn agus is bealach iontach é an comórtas seo do bhannaí óga nua chun poiblíocht in aisce a ghiniúint dóibh féin agus a gcuid ceoil a chur os comhair an phobail náisiúnta.
 
Tabhair seans do do bhanna seinm ar aerthonnta na tíre ar Raidió Rí-Rá an Márta seo trí mp3 de cheol an bhanna le liricí i nGaeilge (nó i mBéarla agus i nGaeilge) a sheoladh go gina@rrr.ie faoin Aoine, 25 Feabhra 2011, nó féach ar www.rrr.ie/cath-na-mbannai-2011/ le sonraí an chomórtais a fháil.
 
Ní hamháin go mbíonn na hamhráin is mó ó na cairteacha á gcasadh ag Raidió Rí-Rá dá éisteoirí dílse gan stad, gach lá ar-líne ag www.rrr.ie, ach beidh Rí-Rá ag craoladh beo ar an gcóras FM i mBaile Átha Cliath (92.1 FM), Corcaigh (106.7 FM), agus Gaillimh (99.1 FM) do Sheachtain na Gaeilge 2011 an Márta seo agus tá do bhanna ag teastáil ar ár stáisiún!
 
Tuilleadh eolais ar fáíl ó Gina Ní Chathasaigh Comheagraí Chath na mBannaí, Raidió Rí-Rá / Cuir glaoch ar +353 (0)85 7058122 /  nó seol ríomhphost chuig gina@rrr.ie