Méid an Téacs

Ceardlann: Drámaíocht don Ghaeilge agus Trasna an Churaclaim

Lúnasa 30, 2012

Ceardlann leis an Association for Drama in Education in Ireland

Le béim ar an siollabas Gaeilge ag léibhéal na Bunscoile agus na hIarbhunscoile, féachfaidh an cheardlann seo ar bhealaí éagsúla gur féidir an Ghaeilge a mhúineadh, ag plé le stór focal, le dánta agus le húrscéalta. Ceardlann idirghníomhach a bheidh ann, le hobair ghrúpa, le drámaíocht phraiticiúil, le teagasc agus foghlaim ghníomhach agus le neart spraoi! Tugann Sinéad cuireadh duit do chuid samhlaíochta agus do chuid cruthaítheachta a scaoileadh saor, agus roinnt modhanna teagaisc nua a thabhairt abhaile chuig do scoláirí féin. Reachtálfar an cheardlann go dátheangach, agus tá fáilte roimh mhúinteoirí agus roimh mhic léinn Ghaeilge, Dhrámaíochta agus Oideachais go ginearálta. Beidh obair na ceardlainne inaistrithe trasna an churaclaim go léir.

Ba í Sinéad Ní Ghuidhir an láithreoir a sheol TG4 an chéad oíche i 1996. Lean sí uirthi ag obair i réimsí éagsúla san earnáil teilifíse, ina measc, ag láithriú cláracha do pháistí. Mar Oifigeach Óige do TG4, thug sí ceardlanna ar fud na tíre ag cur TG4 agus na Gaeilge chun cinn. Thug an obair agus an spéis seo i gcur chuige gníomhach san Oideachas í go dtí a post inniu, mar léachtóir ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas, clár tosaigh oiliúna do mhúinteoirí Iarbhunscoile in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Tá spéis ar leith ag Sinéad i bhfoghlaim, i dteagasc agus i measúnú gníomhach, agus in úsáid na drámaíochta mar mhodh teagaisc teangacha agus mar mhodh teagaisc trasna an churaclaim.

ADEI is delighted that Sinéad has found time to lead this workshop, which will be of immense value to teachers and students of all levels.

Dáta: Sathairn an 22 Meán Fómhair 2012
Am: Clárú, tae agus caifé ó 10.30am
Ceardlann 11.00am – 4.00pm le briseadh beag agus a don phlé agus do cheisteanna
Áit: Áras na Mac Léinn, NUI Galway
Costas: €30, beirt no níos mó: €25 an duine, micléinn: €15
Cuir áit in áirithe trí ríomhphost a chur chuig: booking@adei.ie

Teastais tinrimh: tairisceofar Teastas Tinrimh od mhicléinn agus do mhúinteoirí nua-cháílithe ar an lá

Lón:  Beidh tae agus caifé ar an láthair, agus is féidir lón a thabhairt leat nó é a cheannach sna caiféanna éagsúla ar champas agus ina chóngar.

Tuilleadh eolais agus treoracha ar www.adei.ie

ADEI would like to register our thanks to NUIG for supporting this event