Méid an Téacs

Ceardlann Oiliúna do Mhúinteoirí Gairmthreorach – 27 Aibreán

Aibreán 18, 2018

A Mhúinteoir, a chara,

Tugaimid cuireadh duit chuig an gcéad cheardlann oiliúna eile do mhúinteoirí Gairmthreorach iar-bhunscoile a mhúineann trí mheán na Gaeilge. Beidh an cheardlann seo in Óstán an Gresham, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath ar an Aoine, an 27 Aibreán ón 11 r.n. – 2 i.n.

Beimid buíoch díot más féidir leat a rá linn go luath an mbeidh tú ag freastal ar an gceardlann ar an 27 Aibreán trí ríomhphost a sheoladh chuig padraig@cogg.ie roimh an 25 Aibreán ar a dhéanaí. Is gá dúinn na socruithe cuí a dhéanamh maidir le sólaistí a eagrú agus ábhar priontáilte don cheardlann a ullmhú. Beidh srian áirithe ar líon na n-áiteanna ar an gcúrsa agus bheadh sé inmholta spás a chur in áirithe a luaithe agus is féidir.

Seolfar tuilleadh sonraí ar aghaidh maidir le clár an lae nuair a bheidh rannpháirtithe na ceardlainne deimhnithe. Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Claire O’Halloran (Síceolaí Oideachais) ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) i láthair ar an lá chun caint a thabhairt ar thopaicí atá tráthúil i gcomhthéacs an déagóra iar-bhunscoile comhaimseartha.

Bhí cruinniú an-rathúil againn an bhliain seo caite. Cuireadh liosta le chéile d’fhorbairtí a bheadh cuiditheach do mhúinteoirí Gairmthreorach agus iad i mbun a gcuid teagaisc trí mheán na Gaeilge. Seo roinnt de na forbairtí a rinneamar:

  1. Athdhearadh arwww.saoloibre.ie

Beidh eispéireas níos fearr ag na húsáideoirí agus beidh sé níos fusa teacht ar na huirlísi is úsáidí ar an suíomh. San athdhearadh ar an leathanach baile, is féidir féachaint ar an Nuacht is Déanaí agus ar Ghairm na Míosa.

Agus scoláirí ar rannóg na n-earnálacha gairme, feicfidh siad na deiseanna fostaíochta le Gaeilge sna hearnálacha sin. Tá nasc soiléir ann freisin ón leathanach baile chuig deiseanna fostaíochta san Eoraip.

Ar an leathanach baile feicfidh scoláirí gach cúrsa 3ú leibhéal a bhfuil gá le honóracha sa Ghaeilge dóibh nó a bhfuil ábhar suntasach trí Ghaeilge iontu.

Is féidir le scoláirí leas a bhaint as Próifíleoir Spéise trí Ghaeilge. Priontálfaidh sé tuairisc chuimsitheach. Molfaidh sé gairmeacha éagsúla agus cúrsaí oideachais bunaithe ar na réimsí spéise a léireoidh na scoláirí.

2.Scileanna Gairme – Comórtas Náisiúnta 2018

Seo comórtas speisialta do scoláirí in iar-bhunscoileanna ina mbíonn an teagasc trí mheán na Gaeilge. Tá sé feiliúnach do scoláirí ón Idirbhliain ar aghaidh.

Inseoidh scoláirí dúinn faoina n-eispéireas agus faoi na scileanna gairme atá feicthe agus forbartha acu agus iad ar thaithí oibre. Tabharfaidh siad faoi imscrúdú gairme agus déanfaidh siad machnamh ar an tionchar a bheidh ag an tréimhse taithí oibre ar a gcuid rogha gairme amach anseo.

 Tá duaiseanna iontacha ann, m.sh. MacBook Air don chéad áit agus €1,000 do chlár gaolmhar na scoile (Gairmtheoir, GCAT, ATF, Idirbhliain).

Tá físeán gairid againn le húsáid sa seomra ranga. Míníonn sé do scoláirí faoin gcomórtas. Féach ar leathanach baile nó i rannóg Scileanna Gairme an tsuímh sin. 

  1. Físeáin agus Podchraoltaí– féach ar an rannóg nua ar SaolOibre.ie

 Spreagfaidh siad daltaí le leanúint leis an nGaeilge ina ngairmeacha. Tá sraith agallamh ann freisin. Beidh siad seo úsáideach agus scoláirí ag ullmhú don scrúdú cainte.  

  1. Suíomh Gréasáin Gairmthreorach

Tá an suíomh seo anois ar fáil i nGaeilge. I measc na ngnéithe nua, tá:

  • Nuacht laethúil le hailt a bhaineann le cúrsaí oideachais
  • Imeachtaí agus fógraí ó Institiúidí Ardoideachais agus Coláistí Breisoideachais ar fud na tíre
  • Is féidir ailt a íoslódáil
  • Naisc chuig raidhse acmhainní gairmthreorach
  • Is féidir íoslódálacha a chur ar fáil do scoláirí i.e. bileoga oibre, cuir i láthair PowerPoint, foirmeacha iarratais srl.
  • Is féidir é a nascadh le príomhshuíomh gréasáin na scoile.

Chun samplaí de dhearadh nua an tsuímh scoile a fháil, téigh chuig Coláiste Cois Life nó Gaelcholáiste Luimnigh chun breathnú ar an suíomh Gairmthreorach scoile atá acu. Míle buíochas leis na múinteoirí Niamh Ní Fhionnghasa (Coláiste Cois Life) agus Áine Máire Ní Uaithne (Gaelcholáiste Luimnigh) as a gcuid oibre a roinnt linn.

Is féidir le scoláirí atá ag staidéar trí mheán na Gaeilge painéal nua a fheiceáil anois ag barr a gComhad Gairme Reach+ le naisc díreach chuig cuid de na huirlisí is mó éilimh ar www.saoloibre.ie

Ceadaíonn na naisc gur féidir le scoláirí dul go díreach chuig:

  • Próifíleoir Spéise
  • Earnálacha Fostaíochta
  • Gairmeacha
  • Físeáin agus Podchraoltaí

Is ionann an Próifíleoir Spéise i nGaeilge agus i mBéarla. Níl feidhmeanna éagsúla acu. Is féidir le scoláirí an próifíleoir a úsáid i nGaeilge nó i mBéarla, agus breathnú ar na torthaí, nó tuairiscí a phriontáil i nGaeilge nó i mBéarla. 

  1. Póstaeir

Beidh na póstaeir Ghaeilge nua ag tromlach na scoileanna faoin am seo. Féach ar na híomhánna thíosceangailte. Más tá tuilleadh póstaer uait, beidh siad againn ar an 27 Aibreán. Beidh neart forbairtí eile le roinnt againn leat ar an lá chomh maith.

Táimid fíorbhuíoch de COGG, NCGE agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta as a gcuid cabhrach agus tacaíochta maidir leis na hacmhainní nua seo a fhorbairt.

Beimid ag tnúth libh a fheiceáil ag tús mhí an Mhárta.

Le gach dea-ghuí,

Eimear Sinnott – esinnott@careersportal.ie

Príomhfheidmeannach SaolOibre.ie/CareersPortal.ie

Pádraig Ó Beaglaoich padraig@cogg.ie

Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile COGG