Méid an Téacs

Coláiste Naomh Eoin – Pacáistí agus Scoláireachtaí Lóistín

Meán Fómhair 28, 2010

Tá deich gcinn de scoláireachtaí lóistín dá dtairiscint do ghasúir ón mórthír a bhfuil cónaí orthu i limistéir taobh amuigh den Ghaeltacht chun freastal ar Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin ar feadh na bliana acadúla 2011-2012.

Is é cuspóir na scoláireachtaí seo ná deis a thabhairt do dhéagóirí nach as an nGaeltacht dóibh líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach. Maireann na scoláirí le teaghlach áitiúil ar Inis Meáin ar feadh na bliana, is í an Ghaeilge an teanga teaghlaigh sna tithe seo agus faigheann na scoláirí léargas ar an nGaeilge mar theanga bheo agus mar gnáth theanga pobail. Fanann siad leis an gclann ar feadh na bliana, ag dul abhaile gach dara deireadh seachtaine agus le linn laethanta saoire. Ní mór go mbeadh caighdeán Gaeilge réasúnta maith ag iarrthóirí.

Múintear réimse leathan ábhair trí mheán na Gaeilge amháin sa scoil agus chomh maith leis an sealbhú teanga, tá buntáistí oideachais den scoth ag dul leis na scoláireachtaí seo. Is scoil bheag í Coláiste Naomh Eoin, le líon íseal daltaí, tréithe a chinntíonn go bhfaigheann gach dalta deis foghlaim go barr a gcumais mar go mbíonn aird a múinteoirí ar a dtoil acu. Tá an fhoireann teagaisc óg bríomhar agus sár-oilte ina gceird, rud a chinntíonn atmaisféar mealltach don foghlaim. Déanann na múinteoirí maoirseoireacht ar thréimhse staidéar tar éis scoile chun go mbeidh deis ag na gasúir a gcuid obair baile agus staidéar breise a dhéanamh ar a gcompoird.

Bronntar an scoláireacht ar bhun bliantúil. Má  bhíonn an scoil sásta go bhfuil an dalta ag déanamh dul chun cinn suntasach sa Ghaeilge agus go bhfuil sé/sí báúil ar shaol agus ar chultúr an oileáin d’fhéadfadh dalta scoláireacht a fháil dá t(h)réimse oideachais dara leibhéal ina iomláine, agus tabhairt faoi  scrúduithe na Ardteistiméireacht  ar an oileán.
Is  áit álainn chiúin é Inis Meáin, áit a bhfuil faoiseamh agus inspioráid le fáil taobh le taobh, é caomhnaithe ag am agus ag traidisiún, áit a dtarlaíonn spreagadh na  foghlamtha go nádúrtha mar gheall ar a sceirdiúlacht  agus a shaoirse ó chathú an t-saoil.  Is trí Ghaeilge shaibhir dhúchasach a tharlaíonn an chumarsáid laethúil dá bhrí sin bíonn éileamh thar cuimse ar na scoláireachtaí seo mar gur deis iontach oideachais agus sealbhú teanga iad. Chun dul i ngleic leis an éileamh seo tá Coláiste Naomh Eoin ag tairiscint pacáistí lóistín den deilbh céanna ar chostas réasúnta de €4500 in aghaidh na bliana.  Clúdaíonn an costas seo loistín agus cothaíocht a fhad agus atá siad ar an oileán. Íoctar leath den chostas roimh thús na scoilbhliana agus an chuid eile i mí Eanáir. Tá uas-theorainn de deich cinn socraithe ag an scoil ar na pacáistí seo chomh maith chun a chinntiú nach gcailltear na buntáistí aitheanta, sin uimhreacha beaga agus aird phearsanta na dteagascóirí a théann le h-oideachas i gColáiste Naomh Eoin ar Inis Meáin.

Teagmháil: Mairéad Ní Fhátharta 087 7775567/09973991 nó  cneoin@hotmail.com.