Comhaltacht Shéamuis Uí Mhórdha
Bealtaine 2, 2012
Fáiltítear roimh iarratais ó mhúinteoirí cáilithe ar Chomhaltacht Taighde agus Teagaisc sa Ghaeilge. Tabharfaidh an Comhalta faoi chlár taighde iarchéime (clár dochtúireachta a bheadh inmhianaithe) agus cuideoidh sé/ sí le cúraimí teagaisc Roinn na Gaeilge nó le cúraimí fhoireann Theagasc na Gaeilge de Roinn an Oideachais.
Dhá bhliain nó trí bliana (ar a mhéad) a bheidh i gceist mar ghnáth-thréimhse comhaltachta.
Bronnfar scoláireacht ar an gComhalta agus beidh sé/ sí saor ó tháillí iarchéime.
Riachtanais:
-Níor mhór cáilíochtaí acadúla den scoth (bunchéim onóracha 2:1 nó níos fearr, MA, nó MOid) a bheith ag iarratasóirí.
-Níor mhór sárchumas teagaisc, ardleibhéal cruinnis i labhairt agus i scríobh na Gaeilge, agus plean taighde i réimse de Léann nó de Theagasc na Gaeilge a bheith ag iarratasóirí.
Fáilteofar go háirithe roimh iarratasóirí a raibh taithí teagaisc acu in earnáil na Gaelscolaíochta. Beidh ar iarratasóirí na riachtanais cháilíochta atá ag Coláiste Phádraig maidir le hIarchéimeanna Taighde/ Dochtúireachta a bheith acu, agus beidh orthu Foirm Iarratais an Choláiste do Thaighde Iarchéime a chur isteach
Iarratais:
Níor mhór d’iarratasóirí Réamhthogra Taighde (300 focal), agus Cúrsa Beatha ina mbeidh cur síos cuimsitheach ar a dtaithí teagaisc, a sheoladh chuig: Cara Ryan, Bainisteoir A.D., Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9.Teil: 01-8842023, Facs: 8842243, R-phost: Cara.Ryan@spd.dcu.ie.
Tuilleadh eolais le fáil ag: www.spd.dcu.ie/vacancies
Níor mhór don CV & don Réamhthogra Taighde a bheith istigh faoi:
12.00 meán lae ar an Aoine 25 Bealtaine 2012.
D’fhéadfadh sé go gcuirfí iarratasóirí faoi agallamh mar chuid den phróiseas roghnaithe.
Is fostóir comhdheise é Coláiste Phádraig.
Foilsithe ar Gaelport.com