Méid an Téacs

Comhar Óg amuigh ar na seilfeanna anois

Bealtaine 21, 2013

Foilsíodh an dara heagrán de ‘Comhar Óg’, iris don aos óg de chuid ‘Comhar’ an tseachtain seo caite.

Saothair le daltaí ar an dara leibhéal atá le léamh in Comhar Óg, idir ghearrscéalta, filíocht, ailt, cartúin, grianghraif agus lúibíní.

Maoinithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), tugann Comhar Óg deis do dhéagóirí a dtaithí scríbhneoireacht a fhorbairt, chomh maith le léitheoireacht ábhartha a chur ar fáil do dhaoine óga.

Tá léiriú suntasach Gaeilge le feiceáil ó gach cearn den tír sna saothair le canúintí éagsúla, agus is léir go bhfuil scoláirí na hÉireann ag cur a ndícheall isteach sa scríbhneoireacht.

Curtha in eagar ag Áine Uí Fhoghlú, scríbhneoir cáiliúil as an Rinn, Co. Port Láirge, agus deartha ag dearthóir ‘Comhar’ Mark Wickham, is cinnte go bhfuil an bheirt ag breathnú ar na scríbhneoirí óga seo mar rannpháirtithe ‘Comhar’ amach anseo.

Molann an t-eagarthóir, Áine Uí Fhoghlú, do dhaltaí dul i mbun scríbhneoireachta, go h-áirithe leis an samhradh ag druidim linn. Molann sí chomh maith do mhúinteoirí an scríbhneoireacht chruthaitheach a chur chun cinn, go mór le lucht na h-idirbhliana, agus an deis saoirse atá acu.

Le spriocdháta d’iarratas Chomórtais Liteartha an Oireachtais ag druidim linn ar 1 Iúil, is cinnte go mbeidh cuid mhaith scríbhneoireachta ag dul ar aghaidh go dtí sin. Tá tuilleadh eolais maidir le Comhar Óg agus iris Comhar é féin ar fáil ar (01) 6785443, www.iriscomhar.com nó iriscomhar@gmail.com.

Foilsithe ar Gaelport.com