Comhdháil na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) – 10 mBliana ar Aghaidh – Óráid an Rúnaí Ginearálta, An Roinn Oideachais agus Scileanna: Seán Ó Foghlú
Bealtaine 23, 2013
A oifigigh, a thoscairí, agus a dhaoine uaisle, tá an-áthas orm a bheith in bhur láthair inniu ar an ócáid speisialta seo. Thar mo cheann féin agus thar cheann na Roinne, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Muireann Ní Mhóráin agus le cathaoirleach COGG, John Carr, as an chuireadh a thabhairt dom labhairt ag an chomhdháil thábhachtach seo.
Is ócáid chéiliúrtha í seo do COGG ar deich mbliana de fhreastal ar shainriachtanais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Níl aon amhras ná go bhfuil fás agus forbairt tagtha ar an oideachas trí Ghaeilge le linn an ama sin agus tréaslaím le COGG as an ghaisce atá déanta in a leith seo. Dar ndóigh, tá go leor le déanamh go fóill chun an t-oideachas trí Ghaeilge agus foghlaim na Gaeilge a threisiú sa chóras oideachais.
Tá sé ar intinn agam inniu machnamh a dhéanamh ar a bhfuil ar siúl faoi láthair idir dhúshláin agus ghníomhartha chun tacú leis an Ghaeilge and an oideachas trí Ghaeilge i gcomhthéacs na bhforbairtí éagsúla polasaí agus reachtaíochta. Chomh maith leis sin, caithfidh mé tamall ag labhairt ar cad atá socraithe ag an Roinn Oideachais maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus ról COGG san obair sin.
Tábhacht na Gaeilge agus Tiomantas na Roinne don Ghaeilge
Tuigtear dom go bhfuil an Ghaeilge chomh tábhachtach dúinn inniu agus a bhí sí riamh. Is comhartha láidir féinaitheantais í i sochaí Éireannach ilchultúrtha in a labhartar 150 teanga go laethúil. Déanann an Ghaeilge idirdhealú idir pobal na hÉireann agus aon phobal eile ar domhan. Níl aon amhras ná le teagasc maith, go gcuidíonn foghlaim na Gaeilge linn a bheith dhátheangach agus le teangacha eile a fhoghlaim go héasca. Chomh maith le sin, tá dualgas orainn san earnáil oideachais a chinntiú go mbeidh dóthain daoine ann le cumas sa Ghaeilge chun freastal ar riachtanais Ghaeilge i réimsí oibre éagsúla, mar shampla sa dlí, sna meáin, san aistriúchán agus dar ndóigh, san oideachas.
Bhíodh sé mar mhian phearsanta agam le fada agus tá sé ann go fóill, agus mé ag feidhmiú mar Rúnaí Ginearálta na Roinne, go mbeadh an Ghaeilge ina teanga bheo nua-aimseartha, agus go n-aithneoimid go léir, an tábhacht náisiúnta agus cultúrtha a bhaineann léi. D’fhoghlaim mé féin an Ghaeilge mar ábhar roghnach agus mé ar scoil sa chuid den tír nach bhfuil sé riachtanach, agus tuigim an tábhacht a bhaineann le dearcadh dearfach agus féinspreagadh maidir le foghlaim na teanga.
Feictear dom go bhfuil go leor factóirí faoi choimirce an Stáit agus taobh amuigh de ag cuidiú leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
Le sé bliana anuas anois, tá an Ghaeilge ar an 20ú teanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach. Cuireann Comhairle Aontas na hEorpa agus An Chairt Eorpach béim ar leith ar dhualgais Stáit maidir le teangacha reigiúnacha agus mionteangacha a chosaint agus a chur chun cinn. Is suntasach an rud é go bhfuil an Ghaeilge á múineadh i mbreis is 50 ollscoil ar fud an domhain taobh amuigh den tír seo.
Anseo in Éirinn, tá an Ghaeilge i bhfad níos feiceálaí mar thoradh ar thionchar na meán agus na teicneolaíochta.
Tá an reachtaíocht atá tagtha i bhfeidhm le blianta beaga anuas, ag tacú le stádas na Gaeilge a dhaingniú sa státchóras agus sa chóras oideachais. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna tiomanta dá cuid freagrachtaí de réir na reachtaíochta seo.
De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2001, tá an Roinn Oideachais tiomanta do sheirbhísí Gaeilge a sholáthar. Mar a fheictear i Scéim Teanga na Roinne seo faoin Acht, tá beartais á gcur i bhfeidhm ag an Roinn a chuirfidh le cumas baill foirne na Roinne sa Ghaeilge agus a chinnteoidh go mbeidh ábhair trí Ghaeilge ar shuíomh idirlín na Roinne.
Tá dul chun cinn leanúnach maidir le cur i bhfeidhm míreanna éagsúla den Acht Oideachais, 1998 chun an soláthar don Ghaeilge a threisiú. Mar shampla, tá pleananna i mbun láimhe ag an Roinn bunús reachtúil a chur faoin soláthar tumoideachais i mbunscoileanna faoi Mhír 33 den Acht Oideachais. Tá sé ar intinnan curaclam bunscoile a leagadh síos ar bhonn reachtúil go luath a thabharfaidh cead do scoileanna an lántumoideachas a chleachtadh go dtí deireadh an chéad téarma sna naíonáin shinsir.
Táimid sa Roinn ag féachaint ar impleachtaí Acht na Gaeltachta 2012 ar an soláthar don oideachas trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Tá sé ar intinn againn polasaí na Roinne maidir le hoideachas trí Ghaeilge a shoiléiriú. Beidh mé ag caint a thuilleadh faoi sin ar ball beag.
Straitéis 20 Bliain
Taobh amuigh den reachtaíocht, tá an Straitéis 20 Bliain ar an doiciméad polasaí is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge de a foilsíodh riamh. Ceapaim go dtugann an Stráitéis treochlár soiléir do na ranna rialtais agus na heagrais éagsúla atá ag obair go straitéiseach lena chéile chun beocht leanúnach na Gaeilge a chinntiú.
Tá an Roinn tiomanta go hiomlán d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge mar a bhaineann ach go háirithe le feidhmiú na moltaí a bhaineann le hoideachas trí Ghaeilge. Tá foireann ar leith ag obair sa Roinn anois chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a luaitear sa Straitéis. Chomh maith leis sin, tá an Roinn ag obair i gcomhpháirt lenár gcomhleacaithe sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun na beartais oideachais a chur i bhfeidhm. Buaileann na Ranna go rialta le Grúpa Ardleibhéil faoi réir na Stráitéise ar a bhfuil Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus COGG. Tugann an teagmháil seo deis dúinn tuairimí na bpáirtithe leasmhara a thógáil ar bord agus sinn ag dul i ngleic le beartais oideachasúla na Straitéise.
Tá dul chun cinn leanúnach á dhéanamh ag an Roinn chun na beartais oideachais sa Straitéis a chur i bhfeidhm. Tá dul chun cinn ach go háirithe déanta maidir le trí mhórghné- curaclam, measúnacht agus oideachas múinteoirí. Tá beartais maidir leis na trí ghné seo ag dul ar aghaidh taobh le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta. Tá tuairisc curtha ag an Roinn faoi bhráid an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis na beartais atá curtha i gcríoch chomh maith leis na beartais atá le cur i gcrích. Beidh an tuairisc sin á foilsiú go luath agus feicfidh sibh na mionsonraí sa tuairisc sin. Inniu, díreoidh mé ar shamplaí de bheartais na Roinne Oideachais agus Scileanna go dtí seo.
Mar shampla, tá beartais ar bun a dhíríonn ar fheabhas a chur ar Ghaeilge ábhar oidí ag an bpointe iontrála agus i rith a gcuid oideachais tosaigh don mhúinteoireacht. Tá comhairliúchán leanúnach ar siúl ag an gComhairle Mhúinteoireachta maidir le hardú na riachtanas iontrála, an Ghaeilge san áireamh, don bhunmhúinteoireacht. Táimid ag súil go gcuideoidh an méadú ar fhad na gcúrsaí oideachais tosaigh le múineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge in ár mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna. Chomh maith leis sin, fáiltím roimh an tréimhse níos faide a chaithfidh ábhar oidí bunscoile sa Ghaeltacht. Tabharfaidh sé seo deis do na hoidí óga seo a gcuid Ghaeilge a chleachtadh thar dhá thréimhse de choicíos i gcomhthéacs dílis teanga.
Mórghníomh eile sa Straitéis is ea an soláthar oideachais trí Ghaeilge. Mar a d’fhógair mé ag Comhdháil Gaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna lán-Ghaeilge Mí na Samhna seo caite, tá sé ar intinn ag an Roinn an soláthar don oideachas trí Ghaeilge a leathnú agus a láidriú. De réir an tuarascáil ón Fhóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile, tá sé i gceist ag an Roinn scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal a sholáthar i gceantair ina mbíonn méadú déimeagrafach. I gceantair in a bhfuil an daonra seasta, cuideoimid le scoileanna a mhúineann trí Bhéarla athrú chuig pátrún nua a chuirfidh oideachas trí Ghaeilge ar fáil. Ag leibhéal na hiarbhunscoile, leanfaimid orainn le haitheantas a thabhairt do cheantair in a bhfuil gá le gaelcholáiste de réir thairseach an éilimh de 400 scoláire – tá an tairseach seo i bhfad níos lú ná an tairseach do scoileanna a mhúineann trí Bhéarla.
Tá sé i gceist freisin athbhreithniú a dhéanamh agus mionsonraithe a bhailiú ar cheist na ndíolúintí ón nGaeilge i scoileanna ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal. Tá líon na ndíolúintí ag dul i méid agus níor mhiste mionanailís a dhéanamh ar na fachtóirí éagsúla a bhaineann le bronnadh na ndíolúintí sula dtagtar ar mholtaí gnímh. Beidh an obair seo ag tosnú go luath agus rachfar i gcomhairle leis na grúpaí cuí i rith an athbhreithnithe seo.
Clár leasúcháin don Ghaeilge sa churaclam agus impleachtaí do COGG
Ceann de na structúir is tábhachtaí sa chóras oideachais chun cáilíocht na scolaíochta a chur chun cinn ná an creatlach curaclam a sholáthraítear.
Tá go leor le rá ag an Straitéis Fiche Bliain agus an Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta maidir le cúrsaí curaclaim. Tá obair fíor thábhachtach i mbun láimhe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, maidir le forbairtí teanga.
Tá áthas orm a rá go mbeidh curaclam nua comhtháite teanga don Bhéarla agus don Ghaeilge ar fáil do na ranganna sóisearacha go rang a dó, i Meán Fómhair 2014 agus á chur i bhfeidhm bliain ina dhiaidh sin. Cuideoidh an curaclam seo go mór le múinteoirí mar beidh tórthaí foghlama soiléire ann don Ghaeilge agus don Bhéarla ag na leibhéil ranga éagsúla.
Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, tabharfaidh forbairt siollabais nua sa Ghaeilge sa Chreat Nua don tSraith Shóisearach deis iontach leanúnachas agus dul chun cinn céimnithe san fhoghlaim a chur chun cinn idir an mbunscoil agus blianta tosaigh na hiarbhunscolaíochta. Dar ndóigh, táimid ag súil go mbeidh béim mhór ar chur chun cinn na scileanna labhartha sa siollabas nua don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach agus go mbeidh an scrúdú cainte mar chuid riachtanach den mheasúnacht do gach scoláire.
Luíonn seo chomh maith leis an bhéim a chuirtear ar an Ghaeilge labhartha i scrúdú na Ardteistiméireachta, sin riar de 40% de na marcanna don scrúdú cainte. Beidh athbhreithniú ar thaithí scoláirí Ardteiste 2012 agus 2013 ar bun ag an gComhairle Náisiúnta agus Measúnachta roimh dheireadh na bliana seo. Beimid ag súil le torthaí an athbhreithnithe go luath i 2014.
Tá a fhios againn le tamall gur gá an Ghaeilge sna scoileanna lán-Ghaeilge ag an iarbhunleibhéal a láidriú agus freastal ar shainriachtanais na scoláirí sna scoileanna seo. Tá an t-Aire i ndiaidh iarraidh ar an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta gearrchúrsa speisialta sa Ghaeilge a fhorbairt sa tSraith Shóisearach chomh maith leis na gnáth-chúrsaí reatha sa Ghaeilge. Ligfeadh gearrchúrsa dá leithéid do scoláirí staidéar a dhéanamh agus creidiúint a fháil d’ardchumas agus saibhreas sa teanga.
Ba mhaith linn freastal chomh maith ar shainriachtanais na scoláirí seo sa tSraith Shinsearach. Tá an scéal níos casta anseo toisc an tionchar a fhéadfadh a bheith ag aon athrú ar oibriú chóras iontrála do chúrsaí triú leibhéil. Tá sé iarrtha ar an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta comhairle a sholáthar in a leith seo.
Is léir ansin gur mó na hathruithe atá ar bun ó thaobh cúrsaí curaclaim Ghaeilge de ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal.
Níl aon amhras mar sin ná go bhfuil tábhacht níos mó ná riamh ag baint le COGG cuidiú leis na forbairtí seo go léir a chur chun cinn. Tugann comhshuíomh COGG leis an CNCM agus comhcheangal riaracháin COGG laistigh den CNCM deis do COGG a fheidhmeanna tacaíochta, taighde agus comhairleacha a neartú, go háirithe maidir le forbairt acmhainní agus curaclaim. Tugann sé deis don dá eagraíocht a gcuid saineolais a roinnt a chuideoidh le foghlaim den scoth sa Ghaeilge a sholáthar d’ár scoláirí an bealach ar fad ón mbunscoil go dtí an Ardteistiméireacht.
Tábhacht na Gaeltachta, na scoileanna Gaeltachta agus athbhreithniú an tsoláthair oideachais sa Ghaeltacht
Mar aon leis an Straitéis 20 Bliain, tuigeann an Roinn an ról tábhachtach atá ag na ceantair Ghaeltachta maidir le caomhnú agus forbairt na teanga. Is iad na ceantair Ghaeltachta tobar na Gaeilge agus níor mhiste gach iarracht iad a chaomhnú agus a fhorbairt. Ó mo thaithí féin ón am a chaith mé i Loch an Iúir agus i Rann na Feiriste nuair a bhí mé ar scoil, tá sé tábhachtach don fhoghlaimeoir go bhfuil ceantair ann in a bhfuil an Ghaeilge mar ghnáththeanga an phobail. Tuigimid go maith freisin an ról lárnach ar féidir a bheith ag scoileanna Gaeltachta cumas cainte na scoláirí a shaibhriú i bpobal beo na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta.
Is léir dúinn ón taighde, áfach, go bhfuil úsáid laethúil na Gaeilge i ndiaidh titim go suntasach i gceantair Ghaeltachta.
Tá go leor dúshlán ann do na scoileanna Gaeltachta ó thaobh na Gaeilge a chur chun cinn agus ó thaobh oideachais trí Ghaeilge a sholáthar. Tá a fhios againn ón taighde go bhfuil líon na bpáistí ag freastal ar scoileanna Gaeltachta le Gaeilge ón mbaile nó fiú le Gaeilge líofa ag teacht ar scoil ag titim. Ceann de na dúshláin is mó atá ag múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta ná plé le héagsúlacht chumais labhartha Gaeilge na scoláirí. Dúshlán eile is ea méid na scoileanna agus dearcadh éagsúil tuismitheoirí i leith na Gaeilge agus an oideachais trí Ghaeilge.
Níl aon dabht ná go bhfuil na ceisteanna maidir le scolaíocht sa Ghaeltacht an-chasta agus ag athrú an t-am ar fad. Ceann de na saincheisteanna don Roinn Oideachais agus Scileanna ná cad é mar is féidir linn freastal ar sholáthar don oideachas trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta agus i scoileanna Gaeltachta atá an éagsúil ón a chéile ó thaobh na teanga de. Is léir nach leor réiteach amháin do gach cás.
Dá bharr sin, tá cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar oideachais trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta le cúlraí teanga difriúla. Is é cuspóir an athbhreithnithe seo ná roghanna éagsúla a aithint maidir le hoideachas trí Ghaeilge a sholáthar a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le riachtanais phleanála na gceantar Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta 2012.
Déanfar iniúchadh ach go háirithe ar an taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta atá déanta cheana féin, taighde COGG san áireamh, agus ar chleachtas reatha na scoileanna Gaeltachta.
Tá áthas orm a rá go bhfuil téarmaí tagartha don athbhreithniú seo réidh. Roinnfear iad le páirtithe éagsúla, COGG san áireamh, go luath. Tuigimid an tábhacht a bhaineann le tuairimí na bpáirtithe leasmhara Gaeilge agus Gaeltachta mar chuid den athbhreithniú seo agus tá sé ar intinn againn próiseas chomhairliúcháin a bhunú chun na tuairimí agus na dearcthaí éagsúla a bhailiú. Beidh an t-athbhreithniú ag tosnú go luath agus táim ag súil go mbeidh sé críochnaithe faoi lár 2014.
Obair COGG agus clár na comhdhála
Is féidir le COGG a bheith bródúil as a bhfuil curtha i gcrích le deich mbliana anuas, ag cur san áireamh go raibh sé ag feidhmiú le foireann bheag.
Tá an-chreidiúint tuillte ag COGG ach go háirithe as an obair atá déanta i bhforbairt áiseanna, téacsleabhar agus acmhainní do theagasc na Gaeilge agus don teagasc trí Ghaeilge. Ní fada ó shin a bhí bearna ollmhór sa líon acmhainní don scolaíocht trí Ghaeilge. Tá an bearna sin laghdaithe go mór anois agus tá na háiseanna teagaisc seo ag dul go mór chun tairbhe d’oidí agus do scoláirí, chun foghlaim teangacha agus foghlaim trí theangacha a éascú.
Samplaí de thionscadail nuálacha ó thaobh soláthar acmhainní COGG is ea an tseirbhís leabharlann taistil do scoileanna, agus Séideán Sí. Fáiltím roimh na pleananna maidir le hábhair Séideán Sí a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach, rud a chuideoidh le scoileanna na hábhair fhiúntacha seo a úsáid go héasca.
Tá an-obair déanta ag COGG freisin maidir le cinntiú go mbíonn cúrsaí d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil do mhúinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge. Níor mhiste aitheantas a thabhairt chomh maith don pháirt a ghlacann COGG i gcruthú nascanna thuaidh theas, chun acmhainní a fhorbairt agus a roinnt.
Rud a sheasann amach domsa ná an clár taighde cuimsitheach atá curtha i gcrích ag COGG mar is léir ó shuíomh idirlín COGG. Ta an carn taighde seo i ndiaidh eolas a thabhairt dúinn maidir le saincheisteanna éagsúla, staid na scoileanna Gaeltachta, oideachas múinteoirí, soláthar múinteoirí, agus gnéithe den teagasc agus den fhoghlaim sna scoileanna Gaeltachta agus sna scoileanna lán-Ghaeilge. Is acmhainn an-luachmhar é an taighde seo dóibh siúd ar spéis leo an t-oideachas trí Ghaeilge, agus beidh sé in a fhoinse tábhachtach don iniúchadh a bheidh ar bun ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an oideachas trí Ghaeilge sna scoileanna Gaeltachta.
Tá téama na comhdhála seo ábhartha agus tráthúil agus ag teacht go mór le clár taighde COGG. Ní féidir pleananna réalaíocha a chur i gcrích gan na riachtanais a aithint go soiléir. Tá clár spéisiúil leagtha amach ag COGG a thabharfaidh deis daoibh éisteacht le taighdeoirí thuaidh agus theas agus le saineolaithe teangeolaíochta éagsúla. Tá sé den ríthábhacht súil a choinneáil ar na cleachtais is fearr ó thaobh múineadh teangacha de, agus na moltaí d’fhorbairt polasaí a chur in oiriúint do chomhthéacsanna éagsúla ár scoileanna. Táim cinnte go mbeidh neart ábhair machnaimh agus fíor-idirphlé ag an chomhdháil inniu.
Mar a luaigh mé ag tús m’óráide, is cúis áthais dom an deis a bheith i láthair ag an gcomhdháil inniu. Creidim gur seoid luachmhar í an Ghaeilge ar cóir a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Tá an dualgais orainn uile lóchrann an dóchais a choimeád ar lasadh don Ghaeilge sa todhchaí.
Go raibh maith agaibh.
WWW.EDUCATION.IE