Méid an Téacs

Cuireadh Chun Tairisceana- Leabharlann Soghluaiste

Bealtaine 25, 2011

Tá leabharlann soghluaiste ag COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) i veain a thugann cuairt ar na bunscoileanna agus ar na hiarbhunscoileanna Gaeltachta & lán-Ghaeilge, chomh maith le cúrsaí Gaeilge do mhúinteoirí agus comhdhálacha.

Tá taispeántas áiseanna teagaisc agus foghlama sa veain- téacsleabhair, DVDanna , cluichí agus, póstaeir ina measc, ach d’fhéadfaí an tseirbhís a fhorbairt ar shlite éagsúla- breis táirgí a thaispeáint, ábhar a dhíol nó orduithe a ghlacadh, mar shampla.

Is mian le COGG an tseirbhís seo a chur ar conradh le duine aonair, le heagras nó le comhlacht agus tugtar cuireadh tairiscint a dhéanamh ina ndéanfar cur síos ar phlean gnó don tionscadal reatha agus aon fhorbairtí a bheadh á moladh, mar aon leis an bplean maoinithe a chuirfeadh san áireamh aon fhóirdheontas ó COGG a bheadh riachtanach don tionscadal.

Tuilleadh eolais ar fáil ó eolas@cogg.ie .

Glacfar le tairiscintí go dtí 5pm Dé Luain 13 Meitheamh 2011.

COGG
22 Plás Mhic Liam
Baile Átha Cliath 2
eolas@cogg.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com