Curaidh Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2012 ag ceiliúradh!
Feabhra 6, 2012
Comhghairdeas leis na foirne díospóireachta ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe agus ó Choláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú a thug Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2012 leo! Is sa Téatar Poiblí, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a bhí na díospóireachtaí ar siúl Dé Céadaoin seo caite, 25 Eanáir 2012. Comórtas é seo atá á reáchtáil go bliantúil ag Gael Linn do Ghaelcholáistí agus do iar-bhunscoileanna Gaeltachta, agus bhí os cionn 50 foireann páirteach ann i mbliana.
Sa chraobh shóisearach, labhair na cainteoirí óga go heolach ar an ábhar ‘Cuireann na hollmheáin chumarsáide an iomarca béime ar chúrsaí spóirt !’ Bhí sceitimíní áthais ar a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurbh iad Scoil Chuimsitheach Chiaráin na buaiteoirí ! Fuaireadar an ceann is fearr ar fhoirne ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí, ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall agus ó Choláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath. Is í Máirín Ní Dhomhnaill an múinteoir a chuidigh agus a threoraigh na cainteoirí agus iad ag ullmhú don díospóireacht seo agus do na babhtaí ar fad a bhí acu ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.
Foireann ó Choláiste Rís, Dún Dealgan a d’ardaigh an corn tar éis a mbua sa chraobh shinsearach. Sa díospóireacht seo, freisin, bhí foirne ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, ó Scoil Chaitríona, Glasnaíon, Baile Átha Cliath agus ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.. Phléadar an rún tráthúil: ‘Is rud maith é go bhfuil deireadh ag teacht le cultúr an tí tábhairne in Éirinn!’ agus bhí neart tuairimí ag gach cainteoir ar an ábhar ! Seán Ó Coigligh a bhí i mbun na foirne ó Choláiste Rís agus é an-bhródúil as a chuid scoláirí !
Stiúraigh aoichathaoirleach na hoíche, Pádhraic Ó Ciardha, Leas-Phríomhfheidhmeannach TG4, na díospóireachtaí go paiteanta ! Léirigh sé an-spéis sna toipicí a pléadh, agus mhol sé gach cainteoir as an tuiscint mhaith a bhí acu ar chúrsaí reatha agus as na scileanna díospóireachta a léiríodar !
Bronnadh buanchorn agus duais €1,000 ar an bhfoireann bhuacach sa dá roinn den chomórtas agus bronnadh duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach. Mar chuid den duais freisin, tugadh cuireadh do churaidh an chomórtais shóisearaigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, páirt a ghlacadh i ‘Ri Chéile’. Féile díospóireachta is ea ‘Ri Chéile’ a reáchtálann Gael Linn gach bliain do chainteoirí óga Gaeilge/Gaidhlig i gcomhar le Comunn na Gaidhlig, Alba, le maoiniú ón eagras Colmcille. Tionólfar féile ‘Rí Chéile 2012’ in Albain san fhómhar.
Agus é ag déanamh comhghairdis leis na duaiseoirí, ghabh Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn buíochas le múinteoirí na bhfoirne uilig as a ndúthracht agus dúirt: “Cuid lárnach den oideachas in Éirinn iad díospóireachtaí Gael Linn le breis is caoga bliain anuas. Gael Linn a eagraíonn na comórtais le cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge agus tá na comórtais ina spreagadh mór ó thaobh labhairt na Gaeilge de. Cruthaíonn Comórtas Uí Chadhain ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc”. Lean sé ar aghaidh: “Tá Foras na Gaeilge ag beartú deireadh a chur le maoiniú don chomórtas ardghradaim seo. Iarraim ar an bhForas athmhachnamh a dhéanamh ar an moladh seo. Ní mór an comórtas náisiúnta díospóireachta seo a chosaint ar mhaithe le bonn láidir a chur faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge san aoisghrúpa tábhachtach seo”.