Cúrsa dioplóma nua do mhúinteoirí ealaíne
Nollaig 7, 2011
Tá “teanga” dá cuid féin ag baint le gach réimse saineolais. Tá liosta fada téarmaí agus béarlagair ag baint le cúrsaí airgeadais, mar shampla, a chuirfeadh tinneas cinn ar an díograiseoir is díograisí! Ach más múinteoir tú, tuigfidh tú an tábhacht a bhaineann leis an téarmaíocht cheart a bheith agat, is cuma cén teanga a bhfuil tú ag múineadh inti. Tuigfidh tú chomh maith go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeifeá lánmhuiníneach agus tú ag labhairt os comhair ranga.
Chuige sin, tá cúrsa nua páirtaimseartha á thairiscint ag an gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha, i gcomhar le Gaelchultúr, atá dírithe ar mhúinteoirí iar-bhunscoile ealaíne agus ar mhúinteoirí bunscoile a bhfuil spéis acu san ealaín. Cuirfear tús leis an Dioplóma i dTeagasc trí Ghaeilge (Ealaín) i mí Eanáir 2012 agus mairfidh sé dhá sheimeastar.
“Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo,” a deir Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, “na scileanna teanga a thabhairt do na rannpháirtithe a chuirfidh ar a gcumas an ealaín a mhúineadh go héifeachtach trí Ghaeilge agus páirt a ghlacadh go muiníneach in imeachtaí scoile a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge.”
Tá tacaíocht airgid á tabhairt ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) don chúrsa. Deir Príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin, go bhfuil sí ag súil go mbeidh éileamh mór ar an dioplóma. “D’eascair an cúrsa seo as aiseolas a bhí á fháil againn ó phríomhoidí iar-bhunscoile atá ag obair i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna Gaeltachta. Bhí siad ag rá linn chomh deacair is a bhíonn sé múinteoirí a earcú atá cáilithe chun cuntasaíocht nó ealaín nó bitheolaíocht a mhúineadh trí Ghaeilge agus a bhfuil Gaeilge líofa acu,” a deir sí.
“Tá sé éagsúil i gcás na múinteoirí atá ag plé leis na daonnachtaí nó leis na hábhair ‘thraidisiúnta’; daoine a mbíonn céim sa stair agus sa Ghaeilge bainte amach acu, mar shampla, sula dtéann siad leis an múinteoireacht. Bíonn na daoine sin inniúil ar an nGaeilge, de ghnáth. Ach ó thaobh na n-ábhar praiticiúil de, i gcás go leor leor múinteoirí ní raibh deis riamh acu an téarmaíocht chuí a fhoghlaim ná deis acu a n-ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge.”
Tá COGG agus Gaelchultúr ag súil go dtógfar ar an gcreatlach atá leagtha síos don chúrsa seo agus go bhforbrófar cúrsaí eile dá leithéid amach anseo. “Táimid ag súil go mbeimid ag múnlú cúrsaí eile ar an dioplóma seo,” a deir Ní Mhóráin, “go mbeidh Dioplómaí i dTeagasc trí Ghaeilge forbartha againn a bheas dírithe ar ábhair phraiticiúla eile – an mhiotalóireacht, mar shampla, nó an corpoideachas.”
Tá COGG ag i mbun gearrchúrsaí samhraidh a eagrú le ceithre bliana anuas a fhreastalaíonn ar mhúinteoirí iar-bhunscoile atá ag obair i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna Gaeltachta agus ar mian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Ach deir Muireann Ní Mhóráin go mbeidh an cúrsa áirithe seo éagsúil ar fad. “Sa chéad dul síos,” a deir sí, “tá sé á reachtáil i gcomhar le hinstitiúid tríú leibhéal. Ach anuas air sin, bronnfar cáilíocht aitheanta ar na rannpháirtithe i ndiaidh dóibh an cúrsa a chríochnú.”
Beidh meascán den teagasc sa seomra ranga agus den fhoghlaim ar líne i gceist sa dioplóma, dá bhrí sin beidh na rannpháirtithe ábalta go leor d’obair an chúrsa a dhéanamh sa bhaile ina n-am féin. Ní bheidh ach ocht seisiún sa seomra rang ar siúl le linn an chúrsa a gcaithfidh na rannpháirtithe a bheith i láthair acu: ceithre cinn i Seimeastar 1 agus ceithre cinn i Seimeastar 2. Beidh na seisiúin sin go léir ar siúl sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha ar Shráid Thomáis i mBaile Átha Cliath.
Riachtanais iontrála
Ba cheart go mbeadh cáilíocht aitheanta ag iarratasóirí i múineadh na healaíne ar leibhéal iar-bhunscoile nó cáilíocht aitheanta teagaisc ar leibhéal na bunscoile. Glacfar le hiarratais freisin ó mhic léinn atá i mbun na céime BA (Onóracha) in Oideachas Ealaíne agus Deartha nó an Dioplóma Ghairmiúil san Oideachas. Ní mór d’iarratasóirí bunchumas a bheith acu sa Ghaeilge.
Táille an chúrsa
Is é €1,500 táille an chúrsa. Is féidir é seo a íoc in dhá ghála éagsúla.
Foirm iarratais / Eolas
Ní mór dóibhsean ar mian leo iarratas a chur isteach ar an Dioplóma i dTeagasc trí Ghaeilge (Ealaín) foirm iarratais an chúrsa a chomhlánú. Tá an fhoirm mar chuid de bhróisiúr an chúrsa agus is féidir an bróisiúr a íoslódáil ó gaelchultur.com. Tabharfar cuireadh chun agallaimh d’iarratasóirí mar chuid den phróiseas iarratais.
Tá tuilleadh eolais ar fáil mar gheall ar an Dioplóma i dTeagasc trí Ghaeilge (Ealaín) ach glaoch ar (01) 484 5220, scríobh chuig eolas@gaelchultur.com nó cuairt a thabhairt ar gaelchultur.com.
Is é Dé hAoine, 16 Nollaig 2011 an spriocdháta d’iarratais.