Méid an Téacs

Dianchúrsaí sa Ghaeilge i rith na Fleidhe

Iúil 19, 2013

An ar mhaith leat do chuid Gaeilge a chleachtadh, nó b’fhéidir tús a chur le foghlaim na Gaeilge don chéad uair?  Tá deis iontach agat leis sin a dhéanamh le linn Fleadh Cheoil na hÉireann 2013.  Beidh dianchúrsaí a sholáthar ag Coláiste an Phobail, ag Cultúrlann Uí Chanáin ar an Mháirt 13ú & an Chéadaoin 14ú Lúnasa ar leibhéil éagsúla.  Beidh na ranganna ar siúl ó 11:00-16:00 ar an dá lá.  Déanfar freastal ar gach cineál fhoghlaimeora agus beidh cúrsaí ann ar 3 leibhéal ó bhunfhoghlaimeoirí go daoine a bhfuil ardchaighdeán na Gaeilge acu.  Beidh múinteoirí den chéad scoth i mbun na gcúrsaí; Fearghal Mag Uiginn, Pól Mac Giolla Eoin agus Malachy Ó Néill.  Má tá suim agat clárú do dhianchúrsa nó má tá eolas breise de dhíth ort, déan teagmháil le Ciara nó Fiachra ar [028] 7126 4132 nó ag ciara@culturlann-doire.ie /  fiachra@culturlann-doire.ie. Ba chóir teagmháil a dhéanamh chomh luath agus is féidir le do spás a chinntiú.  Beidh costas £20 ar na cúrsaí seo don dá lá, beidh fáilte roimh chách.