Méid an Téacs

Díomá an Uachtaráin maidir le heaspa inniúlachta an Státchórais sa Ghaeilge

Márta 6, 2014

Ag ócáid speisialta in Áras an Uachtaráin inné, chuir Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn fáilte roimh ionadaithe ó phobal na Gaeilge chuig ócáid ar leith in onóir Sheáin Uí Chuirreáin.

D’fhógair an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar 4 Nollaig 2013 go raibh sé le héirí as a ról, le feidhm ón 23 Feabhra 2014. Tar éis deich mbliana a bheith caite aige sa ról, agus dhá bhliain fágtha sa téarma ceapacháin aige, dúirt an Coimisinéir agus é ag fógairt a éirí as gur beag eile a d’fhéadfadh sé a bhaint amach go pearsanta sa tréimhse ama sin i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ar na cúinsí laistiar dá chinneadh, thagair Ó Cuirreáin do lagú chóras na scéimeanna teanga, easpa inniúlacht Ghaeilge an státchórais, agus cinneadh an Rialtais cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga a aistriú chuig Oifig an Ombudsman.

An tUachtarán féin a d’eagraigh an ócáid seo chun buíochas a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin as ucht a bhfuil curtha i gcrích aige chun “gnáth-úsáid laethúil na Gaeilge a chothú i measc ár saoránach, agus chun chearta na Gaeilge mar an gcéad teanga náisiúnta againn a shuíomh agus a húsáid leis an córas stáit mar cheart a chosaint”.

Le linn a chuid cainte, labhair an tUachtarán faoi easpa cumais an Státchórais i leith na Gaeilge agus a dhíomá pearsanta maidir leis sin: “Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom a rá, ní hamháín go bhfuil díomá orm, ach gur cás liom an leibhéal dealraitheach íseal cumais atá sa Státchóras do na saoránaigh gur mian leo a gcearta a chur i bhfeidhm agus bheith ag caidreamh as Gaeilge leis an Stát agus a chuid gníomhaireachtaí”.

Dúirt an tUachtarán freisin nach mór tabhairt faoin “miotas nimhneach go bhfuil an Ghaeilge ina bacainn ar shealbhú aon teanga eile”.

Agus é ag tabhairt teachtaireachta láidir do Státchóras na tíre, dúirt an tUachtarán gur gá “na deacrachtaí a sheas i mbealach Shéain Uí Chuirreáin agus é i mbun a mhisin a bhreithniú go cúramach, ar dheacrachtaí den sórt sin iad, gur cheap sé gurbh fhearrde é dá sheasfadh sé siar óna phost mar Choimisinéir Teanga”.

Ag ócáid eile in Áras an Uachtaráin, ar an Luan seo chugainn, déanfar comharba Uí Chuirreáin a insealbhú go hoifigiúil, nuair a bhronnfaidh Uachtarán na hÉireann séala oifigiúil ar an iriseoir Rónán Ó Domhnaill.

Gaelport.com