Méid an Téacs

Doire réidh le Seachtain na Gaeilge 2014 a cheiliúradh

Feabhra 27, 2014

Tá Seachtain na Gaeilge ag druidim linn agus tá Doire réidh leis an Ghaeilge agus gach rud atá Gaelach a cheiliúradh le clár lán imeachtaí a bheas ar siúl ón 1ú go dtí an 17ú Márta.

Ceiliúrtar Seachtain na Gaeilge ag pobail Ghaeilge ar fud fad oileán na hÉireann agus ar fud an domhain agus tugann an fhéile deis d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus chainteoirí líofa araon a gcuid Gaeilge a úsáid agus an cultúr Gaelach a cheiliúradh.

Tosaíonn Seachtain na Gaeilge 2014 i nDoire le hÉigse Cholm Cille, imeacht bliantúil de chuid Ollscoil Uladh a chíorann stair litríocht na Gaeilge. Beidh Éigse 2014 ar siúl ón Aoine 28ú Feabhra go dtí an Satharn 1ú Márta agus is é téama na bliana seo ná ‘Scoláirí Gaeilge Iarthar Uladh’.

Filleann Féile Bheag na Leabhar arís i mbliana, féile leabhar agus scéalaíochta do pháistí arna eagrú ag Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar le Cultúrlann Uí Chanáin. Beidh an fhéile bheag ar siúl ar Lá Domhanda na Leabhar (Déardaoin 6 Márta) agus é mar chuspóir aici suim i leabhair Ghaeilge, scéalaíocht agus i litríocht na Gaeilge a mhúscailt agus a chothú i measc páistí. Ceiliúrfar Féile Bheag na Leabhar le seó le páistí do pháistí dar teideal Lúrapóg Larapóg agus ceardlann scéalaíochta leis an tseanchaí iomráiteach Connallach Gearóidín Bhreathnach.

Ar an Satharn 8ú Márta ceiliúrfar Lá Idirnáisiúnta na mBan 2014 le sraith imeachtaí faoi inspioráid an téama ‘Ceol na mBan’. Tá sraith imeachtaí á n-eagrú le ról na mban sa cheol Gaelach a thaiscéaladh: ag 1:00in ar an lá, beidh painéal ban ag plé ‘Mná sa cheol traidisiúnta’ le seisiún ceoil ina dhiaidh. San oíche chéanna beidh ceolchoirm dar teideal ‘Ceol na mBan’ ar siúl a ndéanfaidh ceiliúradh ar cheol na mban i gceol tíre agus i gceol traidisiúnta na hÉireann ina mbeidh roinnt taibheoirí iontacha ag léiriú a gcumas i gceird an cheoil.

Ón 10ú go dtí an 12ú Márta beidh Scéim an Fháinne ar siúl ag Cultúrlann Uí Chanáin le deis a thabhairt dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge sa chathair agus sa dúiche fáinne airgid nó fáinne óir a bhaint amach trí scrúdú béil a dhéanamh. Beidh Bronnadh na bhFáinní ar siúl ag imeacht speisialta ar an Déardaoin 13ú Márta nuair a bronnfar teastais agus fáinní orthu siúd a d’éirigh leo sna scrúduithe béil. Beidh deiseanna labhartha Gaeilge ar fail i rith na féile le Ciorcail Chomhrá ar an 5ú agus ar an 14ú Márta. Ná caill an deis le snas a chur ar do chuid Gaeilge nó le bualadh le foghlaimeoirí agus cainteoirí líofa eile.

I rith Sheachtain na Gaeilge beidh deis ag an phobal cuairt a thabhairt ar thaispeántas úrnua dar teideal ‘Scéal na Gaeilge’ a léiríonn stair na Gaeilge sa cheantar ó thus ama go dtí an lá atá inniu ann. Chuir Comhairle Cathrach Dhoire an taispeántas seo le chéile i ndlúthpháirtíocht le pobal na Gaeilge le Bliain na Gaeilge 2013 a cheiliúradh agus le leagáid de Bhliain na Cathrach Cultúir a chur ar fáil do na glúine atá le theacht.

Críochnaíonn Seachtain na Gaeilge ar Lá Fhéile Pádraig agus tá imeachtaí ag tarlú ar fud fad na cathrach agus sa cheantar comhairle faoin inspioráid an téama ‘Ceol, Miotais agus Draíocht’ – tá clár iomlán Lá Fhéile Pádraig ar fáil trí cuairt a thabhairt ar www.derrycity.gov.uk/stpatricksday

Bí ar an eolas is déanaí faoi gach imeacht atá ag tarlú mar chuid de Sheachtain na Gaeilge trí shúil a chaitheamh ar leathanach Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach Dhoire www.derrycity.gov.uk/gaeilge nó caith súil ar ár leathanach Gaeilge ar Facebook www.facebook.com/foramphobalnagaeilge. Nó más maith leat eolas faoi imeachtaí atá ag tarlú ag Cultúrlann Uí Chanáin cuir glaoch ar T: (028) 71 264132 nó seol r-phost chuig fiachra@culturlann-doire.ie.

SEACHTAIN NA GAEILGE 2014
Doire Cholm Cille
1ú – 17ú Márta
Ceiliúrfar Seachtain na Gaeilge i mbliana ón 1ú go dtí an 17ú Márta agus tá réimse imeachtaí ag tarlú i gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire. I mbliana beidh Cultúrlann Uí Chanáin ina lárionad don fhéile. Seo thíos blaisín den chlár:
Aoine 28 Feabhra & Satharn 1 Márta
ÉIGSE CHOLM CILLE
Ollscoil Uladh, Campas Mhig Aoidh, Doire
Comhdháil bhliantúil ar Litríocht na Gaeilge. I mbliana pléifear an téama: ‘Scoláirí Gaeilge Iarthar Uladh’
Tuilleadh eolais: Nioclás Mac Cathmhaoil, T: (028) 71 675 770, r-phost: nm.mccaul@ulster.ac.uk
Saor in aisce

Luan 3 Márta – Luan 17 Márta
SCÉAL NA GAEILGE
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
Taispeántas nua a léiríonn scéal na Gaeilge i nDoire sa stair agus sa lá atá inniu ann.
Tuilleadh eolais: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire, T: (028) 71 376 579, r-phost: gaeilge@derrycity.gov.uk
Saor in aisce

Máirt 4 Márta, 7:00in
SEISIÚN CEOIL TEAGHLAIGH
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
Seisiún ceoil do theaghlaigh agus ranganna ceoil
Tuilleadh eolais: Odhrán Ó Maoláin, T: (028) 71 264 132, r-phost: odhran@culturlann-doire.ie

Céadaoin 5 Márta, 12:00in
CIORCAL COMHRÁ
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
Ciorcail chomhrá ag bunleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal.
Tuilleadh eolais: Fiachra Mackel, T: (028) 71 264 132, r-phost: fiachra@culturlann-doire.ie
Saor in aisce

Déardaoin 6 Márta, 10:00rn-2:30in
FÉILE BHEAG NA LEABHAR
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
I mbliana beidh Féile Bheag na Leabhar ag tarlú ar Lá Domhanda na Leabhar – 6 Márta 2014. Beidh ceardlann scéalaíochta leis an tseanchaí clúiteach as Tír Chonaill – Gearóidín Bhreathnach agus seó le páistí do pháistí – Lúrapóg Larapóg. Eagraítear Féile Bheag na Leabhar ag Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar le Cultúrlann Uí Chanáin.
Tuilleadh eolais: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire, T: (028) 71 376 579, r-phost: gaeilge@derrycity.gov.uk
Oscailte do Ghaelscoileanna i gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire.

Satharn 8 Márta
LÁ IDIRNÁISÚNTA NA mBAN
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
Is é téama Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana ná ‘Ag spreagadh athraithe’. Beidh Cultúrlann Uí Chanáin ina lár-ionad do dhíospóireacht phainéil agus cheolchoirm le ceoltóirí ban ó shaol an cheoil thraidisiúnta.

1:00in –Díospóireacht Phainéil agus Seisiún Ceoil
‘Mná sa cheol traidisiúnta’ le Lynette Fay, Laoise Kelly, Alana Henderson agus Emma Sweeney.
Saor in aisce

8:00in – Ceol na mBan
Ceiliúrfar saibhreas ceoil na mban le ceoilchoirm a léiríonn na ceoltóirí ban is fearr ó shaol an cheoil thraidisiúnta.
Tuilleadh eolais: Odhrán Ó Maoláin, T: (028) 71 264 132, r-phost: odhran@culturlann-doire.ie
Cead isteach: £8

Luan 10 – Céadaoin 12 Márta, 9.30rn – 5.00in
SCÉIM AN FHÁINNE
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
Tugann Scéim an Fháinne deis d’fhoghlaimeoirí ar fud fad na cathrach fáinne a ghnóthú ag leibhéal ‘Cúpla Focal’, ‘Airgead’ nó ‘Ór’.
Scrúduithe béil ón Luan 10 go dtí an Chéadaoin 12. Ní mór d’áit a chur in áirithe.
Tuilleadh eolais: Fiachra Mackel, T: (028) 71 264 132, r-phost: fiachra@culturlann-doire.ie

Déardaoin 13 Márta, 8:00in
BRONNADH FÁINNÍ & TRÁTH NA gCEIST
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
Bronnfar fáinní ar fhoghlaimeoirí a chuaigh faoi scrúdú béil i rith Sheachtain na Gaeilge. Reáchtáilfear Tráth na gCeist i ndiaidh an bhronnta.
Tuilleadh eolais: Fiachra Mackel, T: (028) 71 264 132, r-phost: fiachra@culturlann-doire.ie

Aoine 14 Márta, 11.00in
CIORCAL COMHRÁ
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
Ciorcail chomhrá ag bunleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal.
Tuilleadh eolais: Fiachra Mackel, T: (028) 71 264 132, r-phost: fiachra@culturlann-doire.ie
Saor in aisce

Satharn 15 Márta, 7.30in
OÍCHE GHAELACH & CÉILÍ
Coláiste Mhuire gan Smál, Bóthar an Trinse, Doire
Ticéid ar fáil saor in aisce ó oifig na scoile.
Tuilleadh eolais: Caitríona Uí Dhoibhlín – cdevlin278@icc.derry.ni.sch.uk

Luan 17 Márta
LÁ FHÉILE PÁDRAIG
Cuirtear fáilte roimh an phobal bualadh isteach chuig Cultúrlann Uí Chanáin ar Lá Fhéile Pádraig le sult a bhaint as lá lán de cheol agus imeachtaí teaghlaigh. I measc na n-imeachtaí atá geallta beidh:

12.30-2.00 & 4.00-6.00
Siamsaíocht le The Fanzini Brothers agus Seisiún Mór le Ceoltóirí na Cultúrlainne agus Cairde eile