Earnáil na Gaelscolaíochta ag teacht le chéile arís do Chomhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta 2013
Márta 8, 2013
Is mian le Comhairle na Gaelscolaíochta, an grúpa comhairleach ar son na Gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann, an dara Comhdháil déag dá cuid a fhógairt, a bheidh á reáchtáil i gColáiste Feirste, Béal Feirste, ar Aoine an 15ú Márta 2013.
Is ceann de na comhdhálacha is mó den chineál seo ar oileán na hÉireann í, a mheallfaidh toscairí as Gaelscoileanna ó thuaidh agus ó dheas agus as cuid mhór eagraíochtaí Gaeilge eile, idir chultúrtha agus oideachasúla.
Gabháil na Gairmiúlachta téama na bliana seo agus beidh réimse leathan cainteoirí agus céardlann acu ar ghnéithe éagsúla ábhartha ag ócáid na bliana seo, go háirithe ó earnáil na Gaelscolaíochta í féin.
Orthu siúd a bheidh ag caint, beidh An Dr Máire Ní Ríordáin ó Ollscoil na Gaillimhe ag caint ar fheabhsú na matamaitice sa Ghaelscolaíocht, beidh Pavel Iosad agus Professor Alison Henry, School of Communication, Ollscoil Uladh ag caint ar na buntáistí a bhaineann le dátheangachas sa Ghaeloideachas, beidh Eibhlín Mhic Aoidh ó Choláiste Mhuire ag caint ar an taighde úr atá déanta aici ar an mheasúnú sa seomra ranga.
Taobh leis so, beidh inchur ó iondaithe CCEA, An t-Áisaond Lán-Ghaeilge, An Múinteoir Comhairleach ar an Litearthacht, BOLI agus ó thionscadail úra Chomhairle na Gaelscolaíochta-cúrsaí óige agus an tionscadal trasphobail ‘Le Chéile Trí Chultúr’.
Lena chois seo, beidh dhá sheisiún ar leith ann do ghobharnóirí Gaelscoile agus cúrsa lae teanga do chuntóirí ranga na hearnála i gcomhar le Coláiste Ollscoile Naomh Muire.
Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh ár gcomhghleacaithe in An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna, i bPoblacht na hÉireann arís, a ghlacfaidh páirt in imeachtaí an lae chomh maith.
Deir Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, An Dr Micheál Ó Duibh, go bhfuil sé, ‘… ag dúil go mór le lucht na hearnála a fheiceáil le chéile arís ag Comhdháil na bliana seo’, agus go bhfuil sé cinnte, ‘ … go mbainfear sult agus tairbhe as an chlár leathan, tarraingteach atá bearthaithe ag Comhairle na Gaelscolaíochta i mbliana.’
Reáchtálfar an Chomhdháil ar Aoine an 15ú Márta i gColáiste Feirste, Páirc Radharc na bhFeá, Bóthar na bhFál, Béal Feirste, idir 9.30rn agus 3.45in.
Tuilleadh Eolais/Further Information
An Dr Micheál Ó Duibh, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta
Phone: 028 90 321475
Email: moduibh@comhairle.org
nó
Tarlach Mac Giolla Bhríde, Comhordaitheoir na Comhdhála
Phone: 028 90 321475
Email: tmacgiollabhride@comhairle.org