Méid an Téacs

Féasta Sráide/Street Feast – 10 Meitheamh 2018

Márta 12, 2018

Is lón pobail é Féasta Sráide, tagann daoine le chéile ar shráideanna, i bpáirceanna, i ngarrántaí, nó i gcarr clóis, tógann gach duine rud le hithe agus roinntear an béile le chéile.

Ceann de na rudaí is tarraingtí faoin bhFéasta Sráide ná go bhfuil sé dírithe ar an dteaghlach agus ar an bpobal uile, agus ní mórán ócáidí na laethanta seo a bhíonn dírithe ar gach aoisghrúpa.

Is ar an 10 Meitheamh a bheidh Street Feast ar siúil in 2018 agus tá Oireachtas na Gaeilge ag iarraidh suas go 20 Féasta Sráide Ghaelacha a chur chun cinn i mbliana.

 Chuige sin, tá leagan Gaeilge de phacáiste tacaíochta  á chur ar fáil againn do ghrúpaí áitiúla  Gaeilge.  Séard a bhíonn sa phacáiste tacaíochta ná bratacha, treoirleabhar, póstaeir, cuirí, srl.

Feictear dúinn gur deis iontach í seo do ghrúpaí pobail agus  áitiúla, do naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge, do chomharchumainn Gaeltachta agus do ghrúpaí Gaeilge i gcoitinne páirt  a ghlacadh in ócáid thaitneamhach, shóisialta Ghaeilge a bheidh á cur chun cinn go náisiúnta.

Ní bheadh mórán oibre i gceist, seachas ionad/spás a aimsiú, cead a fháil lena úsáid, agus an ócáid a fhógairt go háitiúil. Beidh muid ag cur na hócáidí uile chun cinn go náisiúnta freisin, agus ar ndóigh beidh siad liostáilte ar shuíomh http://streetfeast.ie/.

Le spéis a léiriú, nó tuilleadh eolais a fháil, ní gá ach rphost a chur chuig Majella majella@antoireachtas.ie anois! 

FeastaSraide2018ED